Ardbhainistíocht
Seán Ó Coinn

Seán Ó Coinn
Feidhm: Príomhfheidhmeannach
Beathaisnéis: Is as an Mhullach Bán, i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí anois lena bhean Áine. Tá céim onórach sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh.
Taispeáin níos mó Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal, mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann, ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011 agus mar Phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 2016.
Edel Ní Chorráin

Edel Ní Chorráin
Feidhm: Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais
Beathaisnéis: I nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais amach.
Taispeáin níos mó Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gCholáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.
Éamonn Ó hArgáin

Éamonn Ó hArgáin
Feidhm: Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha/ Rúnaí an Fhorais
Beathaisnéis: Is as Leic Snámha, Co. Chiarraí d’Éamonn Ó hArgáin. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Leic Snámha agus Pobalscoil Lios Tuathail. Tá Dioplóma sa Ghaeilge aige ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Taispeáin níos mó Bhí sé ag obair le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar feadh tréimhse go dtí gur bhog sé go Bord na Gaeilge i 1980. Tá sé ina Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha ar Fhoras na Gaeilge ó 2002, agus tá sé ina Rúnaí ar Bhord Fhoras na Gaeilge ó bunaíodh é i 1999.
Joe Ó Labhraí

Joe Ó Labhraí
Feidhm: Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta & Téarmaíochta
Beathaisnéis: Is as cathair Dhoire do Joe Ó Labhraí agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Cholm Cille ansin. Tá céimeanna BA agus MA aige ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus dochtúireacht ó Ollscoil Uladh i gCúl Raithin.
Taispeáin níos mó Chaith Joe sealanna ag teagasc Gaeilge i Léim an Mhadaidh, i gcathair Dhoire agus i mBéal Feiste thar thréimhse beagnach 30 bliain. Bhí sé i mbun na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta leis an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), le Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus leis an Chigireacht Oideachais agus Oiliúna sular thosaigh sé mar Stiúrthóir ar Sheirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta le Foras na Gaeilge in 2010. Tá suim ar leith aige sa nua-Ghaeilge ón 18ú haois anall, i gcúrsaí eagarthóireachta agus foclóireachta. Bhí sé ar eagarthóirí bunaidh na hirise Taighde agus Teagasc.
Shane Ó hEidhin

Shane Ó hEidhin
Feidhm: Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideach
Beathaisnéis: Is as Baile Átha Cliath Shane Ó hEidhin. D’fhreastail sé ar Scoil Lorcán, Baile na Manach agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair. Tá céim den chéad ghrád i gCúrsaí Gnó (Airgeadas & Gearmáinis) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aige agus MSc san Airgeadas Cainníochtúil ó Smurfit Business School.
Taispeáin níos mó Tá Shane cáilithe mar chuntasóir agus comhairleoir cánach gairmiúil (FCCA & AITI). Sular ceapadh Shane le Foras na Gaeilge, bhí breis is deich mbliana de thaithí aige mar bhainisteoir sinsearach le PwC áit ar chuir sé comhairle ar chuid de na comhlachtaí is mó le rá in Éirinn agus thar lear. Bhí deis aige freisin obair mar bhainisteoir le Microsoft (ar iasacht ó PwC) le linn na tréimhse sin. Ceapadh Shane mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha i 2015.