Gairdín Mháire na mBláth

Gairdín Mháire na mBláth

Tatyana Feeney

Bronntanas breá samhraidh is ea Gairdín Mháire na mBláth, an saothar is déanaí ó Tatyana Feeney. Leabhar aoibhinn álainn é seo a chuirfidh gliondar ar an té a léifidh é. Scéal cairdis agus comhluadair is ea Gairdín Mháire na mBláth. Feiceann Máire na mBláth lá amháin nach bhfuil aon bhláthanna ag fás sa scoil áitiúil.

Socraíonn sí dul chun na scoile agus cabhrú leis na daltaí gairdín scoile a chur. Oibríonn sí féin agus na páistí as lámha a chéile agus cuireann siad gairdín breá ag fás taobh leis an scoil. Ach cad faoi ghairdín Mháire féin? Níl cuma rómhaith air sin anois agus an méid ama atá caite ag Máire ar ghairdín na scoile. Cad is féidir le Máire bhocht a dhéanamh? Leabhar é seo a spreagfaidh tuiscint sa léitheoir óg ar thábhacht an nádúir agus ar áilleacht na mbláthanna.

ISBN 9781857919721
€8.50
Bog