An Fóram Comhpháirtíochta
Bunaíodh an Fóram Comhpháirtíochta Uile-Oileáin de thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 10 Iúil 2013 na 6 Cheanneagraíocht a ainmniú le freagracht a ghlacadh as forbairt agus as dul chun cinn i sé mhór-réimse.
Is é cuspóir an Fhóraim Comhpháirtíochta a chinntiú go mbeidh na sé Cheanneagraíocht ag pleanáil a gcuid oibre i gcomhar le chéile agus go mbeidh siad ag obair i gcomhar le chéile agus i gcomhar le Foras na Gaeilge sna réimsí seo.
Bíonn cruinnithe ag an bhFóram Comhpháirtíochta ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin de réir mar a mheastar gá a bheith leis.
Bíonn ceannasaithe na gCeanneagraíochtaí ar an bhFóram Comhpháirtíochta mar aon le Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga agus dhá ionadaí ó Fhoras na Gaeilge, a bhfuil duine amháin acu mar Chathaoirleach air. Cuireann Foras na Gaeilge seirbhísí rúnaíochta ar fáil don Fhóram Comhpháirtíochta chomh maith.
Baill an Fhóraim Comhpháirtíochta
- Edel Ní Chorráin (Cathaoirleach) – Foras na Gaeilge
- Éamonn Ó hArgáin – Foras na Gaeilge
- Caitríona Ní Cheallaigh – Cumann na bhFiann
- Bláthnaid Ní Ghréacháin – Gaeloideachas
- Antoine Ó Coileáin – Gael Linn
- Lorcán Mac Gabhann – Glór na nGael
- Liam Ó Maolaodha – Oireachtas na Gaeilge
- Julian de Spáinn – Conradh na Gaeilge
- Siuán Ní Mhaonaigh – Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga
Miontuairiscí
Miontuairiscí ón Fhóram Comhpháirtíochta 4 Bealtaine 2016
Miontuairiscí ón Fhóram Comhpháirtíochta 6 Aibreán 2016
Miontuairiscí ón Fhóram Comhpháirtíochta 3 Feabhra 2016
Miontuairiscí ón Fhóram Comhpháirtíochta 14 Nollaig 2015
Miontuairiscí ón Fhóram Comhpháirtíochta 16 Meán Fómhair 2015