Scéim Tacaíochta Gnó 2025
- Lá
- Uair
- Nóim
Tacaíonn an scéim seo le fiontair bheaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnólachtaí trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite. Beidh gnólachtaí incháilithe i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.
Chun sampla a fháil de ghnólachtaí eile a úsáideann Gaeilge mar uirlis mhargaíochta, féach ar na samplaí atá ar X (Twitter) agus ar YouTube.
Tá an buiséad don scéim seo teoranta. Glacfar agus déanfar measúnú ar iarratais go dtí go bhfuil an ciste caite.
Díríonn an scéim seo ar chumasú gnólachtaí brandáil i nGaeilge nó go dátheangach a chruthú. Tabhair faoi deara, is ar bhonn aon uaire gur féidir maoiniú meaitseála a lorg ar aon ghné den obair riachtanach chun brandáil chorpáideach do ghnólacht a athrú agus ní bheidh ath-iarratais ar an ábhar céanna a bhí maoinithe incháilithe.
Tabhair faoi deara, mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta Eorpach maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ní féidir le Foras na Gaeilge a thuilleadh plé le tríú páirtithe, agus beidh gach teagmháil le hiarratasóirí amháin, mar a bhaineann le gach iarratas.
Le tuilleadh eolais a fháil agus lena fháil amach an bhfuil go ghnólacht i dteideal maoiniú a fháil faoin scéim seo, déan teagmháil le hÁine Ní Ifearnáin ag +353 1 6398463 nó cuir ríomhphost chuig stg@forasnagaeilge.ie.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, léigh an seicliosta roimh ré agus seol na trí cháipéis seo a leanas ar ríomhphost chuig stg@forasnagaeilge.ie.
- Foirm iarratais
Léigh an fhoirm iarratais ina hiomláine go cúramach, comhlánaigh gach cuid di agus sínigh an conradh ar an leathanach deiridh. Tá an fhoirm iarratais le híoslódáil ón nasc thíos.
- Dréachtchóip den dearadh agus an fhoclaíocht mholta
Cuir faoi iamh dréacht den dearadh agus an fhoclaíocht mholta mar atá ullmhaithe ag dearthóir gairmiúil. Is féidir leas a bhaint as na háiseanna agus seirbhísí tacaíochta saor in aisce seo nuair atá dréachtchóip á hullmhú :
- Seirbhís foclóireachta agus téarmaíochta
- Seirbhís aistriúcháin ar phíosaí gearra téacs (suas go 50 focal): seol ríomhphost chuig freagra@ling.ie
- Liosta d’aistritheoirí creidiúnaithe(i gcás téacs fada a bheidh le haistriú)
- Meastacháin
Cuir leis an bhfoirm iarratais chomh maith na meastacháin ón dearthóir agus soláthraithe eile. Beidh tú i dteideal suas go 50% den chostas iomlán a lorg tríd an scéim seo.
Cuir faoi iamh meastachán nó meastacháin le haghaidh chostas iomlán an tionscadail.