Folúntais
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.
Eagarthóir Cúnta, An Gúm (Buan) Tagairt: EAGC/0625
Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Gaoth Dobhair.
Is é an raon tuarastail don phost ná: €40,803 go €75,000*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála
Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais
SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF/JPG de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 6 Meitheamh 2025 chuig: poist@forasnagaeilge.ie
……………………………………………….
Oifigeach Cléireachais (Painéal Buan) Tagairt: OCFNG/0725
Tá painéal á chur le chéile as a líonfar folúntais bhuana as seo go ceann bliana ach acmhainn
a bheith ann chuige sin. Na hoifigí atá san áireamh ná Baile Átha Cliath, agus Co. na Mí.
Is é an tuarastal don phost seo ná €31,588 – €45,878*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.
Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais
SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12
meán lae, Dé hAoine, 6 Meitheamh 2025 chuig: poist@forasnagaeilge.ie
Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.