Ficsean / Neamhfhicsean

Buntús Cainte:   Part 1-3   Pacáiste 3 Leabhar
Buntús Cainte: Part 1-3 Pacáiste 3 Leabhar
Sound files for each lesson are now available on line.   This is an easily graded course in Irish for beginners who will not have the advantage of a teacher’s help. The content of the course was carefully selected on the basis of normal daily conversational requirements.  All reference to grammatical rules was been avoided in this course. The lessons follow a regular pattern, each containing five separate sections:- i) New material ii) Six basic sentences iii) Revisionary sentences iv) Additional new material v) Conversational situation in which the material learned is used. Ideally the course should be used with
Foclóir Póca
Foclóir Póca
A new revised, updated and expanded edition of the best-selling Irish dictionary, with a new layout and format. Foclóir Póca has sold over half a million copies to date. English-Irish and Gaeilge-Béarla over 30,000 words and usage examples phonetic pronunciation given for all Irish translations grammatical guide with verb tables list of geographical names full pronunciation guide with sound files available at www.angum.ie
An Braon Broghach
An Braon Broghach
Máirtín Ó Cadhain

Is sa dara cnuasach gearrscéalta seo, An Braon Broghach, a tháinig Máirtín Ó Cadhain chun aibíochta mar ghearrscéalaí. Ní hé go raibh sé tar éis a bhuaic mar scríbhneoir a bhaint amach – dáiríre, ní raibh sé ach ag tosú – ach bhí a thréimse phromhaidh istigh. Is sa leabhar seo a chruthaigh Ó Cadhain a mháistreacht – ar an teanga agus ar an ábhar. Is ann a thug sé aghaidh den chéad uair ar an gcathair mar ábhar scríbhneoireachta. Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is
Idir Shúgradh agus Dáiríre
Idir Shúgradh agus Dáiríre
Máirtín Ó Cadhain

Is é Idir Shúgradh agus Dáiríre an chéad chnuasach gearrscéalta ó Mháirtín Ó Cadhain. Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir Joyce. D’athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus d’fhág léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge araon faoi chomaoin mhór aige. Fuair sé bás sa bhliain 1970.
An Triail
An Triail
Is maith an teist é ar an dráma go bhfuil sé fós á léamh, agus níos tábhachtaí fós, á léiriú, sa lá atá inniu ann. Is saothar ríthábhachtach é, a bhronnann léargais úra orainn go fóill. An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (An Réamhrá) Tá cáil An Triail imithe i bhfad is i gcéin ó céadléiríodh é in 1964. Tá breis tráthúlachta leis le tamall anuas lena bhfuil tagtha chun solais go poiblí faoin tslí ar caitheadh le mná óga neamhphósta a bhí ag iompar clainne. Baineann gnéithe suaithinseacha le ceardaíocht an dráma chomh maith, leis an tslí a gcuirtear ábhar
An Scéim: An Gúm 1926-2016
An Scéim: An Gúm 1926-2016
Cnuasach Aistí Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo.
An Capall agus a Ghiolla
An Capall agus a Ghiolla
Is Capall Cainte é Brí agus is giolla bocht é Seasta. Socraíonn siad ar imeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darb ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am an éigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint. Seo an dara leabhar i sraith cháiliúil Croinicí Nairnia atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn. Tá bailchríoch chomh paiteanta, snasta céanna curtha
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis. Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain i rith an Darga Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an gcathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.
Tír na Deo
Tír na Deo
J.M. Barrie
Máiréad Ní Ghráda a rinne an leagan Gaeilge

Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda. Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm
Gluaiseacht
Gluaiseacht
Alan Titley

Bíodh go luaitear an saothar seo mar úrscéal do dhéagóirí d’oirfeadh sé dá lán é a léamh chun tuiscint a fháil ar chruachás an té ar gá dó teitheadh roimh an uafás. Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha. Tá an t-úrscéal seo i measc na leabhar atá molta do dhaltaí atá ag gabháil do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh tú éisteacht leis
Seanchas na Féinne
Seanchas na Féinne
Niall Ó Dónaill Insíonn an Dálach mar a tháinig ann don Fhiann, mar a chaith siad saol a bhí uasal ach bruíonach, agus mar a tháinig deireadh uaigneach na Féinne de dheasca an uabhair is an díoltais.
Pádhraic Mháire Bhán
Pádhraic Mháire Bhán
Seán Ó Ruadháin Is é saol na tuaithe i gCo. Mhaigh Eo sa tréimhse chorrach i ndeireadh na haoise agus i dtús na haoise seo, anuas go dtí Cogadh na Saoirse, príomhthéama Pádhraic Mháire Bhán. Gaiscíoch óg meabhrach é Pádhraic a chaitheann a shaol ag comhlint ar son a mhuintire agus a thíre.
Mo Bhealach Féin
Mo Bhealach Féin
Seosamh Mac Grianna ‘Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian,’ a deir Seosamh Mac Grianna ina chuntas iomráiteach ar an bhealach a shiúil sé féin sa saol seo. Cuireann sé síos ar a aistear ar an ghannchuid ó lóistín go lóistín i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus ar an dara siúlóid mhór a rinne sé ina aonar sa Bhreatain Bheag. Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine
Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha
Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha
Maolmhaodhóg Ó Ruairc An féidir míniúchán beacht a thabhairt ar an gcumas atá ionainn na rudaí a chloisimid agus a léimid a thuiscint? An féidir an cumas sin a leathnú agus a fhorbairt? Bíodh is nach mór a bheith eolach ar stór focal agus ar ghramadach teanga, ní leor an méid sin. Bíonn tuiscint ar na gnásanna sóisialta atá intuigthe sa teanga de dhíth freisin. Is cuid dhílis de na gnásanna sin na habairtí dúchasacha nó an teanga mheafarach. Féachtar sa bhailiúchán seo d’abairtí meafaracha agus samhlaoideacha as Foclóir Gaeilge- Béarla Uí Dhónaill le léargas nua ar an teanga mheafarach
Mise
Mise
Colm Ó Gaora

Tá an saothar seo ar na leabhair is cáiliúla dár scríobhadh i nGaeilge faoi aimsir Chogadh na Saoirse. Rianaíonn an t-údar a shaol mar bhall de Bhráithreachas na Poblachta mar Óglach agus na heachtraí a raibh sé páirteach iontu le linn Chogadh na Saoirse i gConamara agus in áiteanna eile chomh maith leis na sealanna a chaith sé i ngéibheann. Tá cur síos ann chomh maith ar dhálaí maireachtála agus sóisialta mhuintir Chonamara i dtosach an fichiú haois agus ar an obair a rinne sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge. Rugadh an t-údar i Ros Muc sa bhliain 1887
An Béal Beo
An Béal Beo
Tomás Ó Máille Tá An Béal Beo ar cheann de na stórtha focal is tábhachtaí sa Nua-Ghaeilge. Tá sé lán le beannachtaí, nathanna, agus focail nár chodail amuigh riamh. An tOllamh Ruairí Ó hUiginn a chóirigh an t-eagrán seo.
Cén Sórt É?
Cén Sórt É?
Tomás Ó Fiachain Bailiúchán den iliomad focal sa Ghaeilge a dhéanann cur síos ar chineálacha éagsúla daoine, agus ar a gcuid tréithe fisiceacha agus carachtair araon. Tá cnuasach mór focal tiomsaithe in ord aibítreach ann as foinsí údarásacha éagsúla agus crostagairtí do na foinsí sin tugtha. Beidh an leabhar seo ina ábhar tagartha agus pléisiúir araon ag lucht saothraithe na Gaeilge.
Haiku, más é do thoil é!
Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku. Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku. Ar an aos óg á an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
Traenacha in Éirinn
Traenacha in Éirinn
Brian Mac Aonghusa Is deacair do dhaoine sa lá atá inniu ann an t-iontas sin a bhain leis na chéad traenacha a thuiscint ná a shamhlú féin. B’ionann agus spáslong a thuirlingt os a gcomhair iad na traenacha do mhuintir na linne sin.
Dracula
Dracula
Bram Stoker Eagrán nua den aistriúchán iomráiteach a dhein Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar uafáis Bram Stoker. Tá gach braon den bheocht a chuir an Déiseach sa scéal le blaiseadh san eagrán seo agus an litriú curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu. Tá an t-eagrán seo bunaithe ar an gcóiriú a rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc san eagrán a eisíodh sa bhliain 1997. Dracula faoi chaibidil ar www.tuairisc.ie