Fiction / Non - Fiction

Foclóir Póca
Foclóir Póca
A new revised, updated and expanded edition of the best-selling Irish dictionary, with a new layout and format. Foclóir Póca has sold over half a million copies to date. English-Irish and Gaeilge-Béarla over 30,000 words and usage examples phonetic pronunciation given for all Irish translations grammatical guide with verb tables list of geographical names full pronunciation guide with sound files available at www.angum.ie
An Triail
An Triail
Máiréad Ní Ghráda

Is maith an teist é ar an dráma go bhfuil sé fós á léamh, agus níos tábhachtaí fós, á léiriú, sa lá atá inniu ann. Is saothar ríthábhachtach é, a bhronnann léargais úra orainn go fóill. An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (An Réamhrá) Tá cáil An Triail imithe i bhfad is i gcéin ó céadléiríodh é in 1964. Tá breis tráthúlachta leis le tamall anuas lena bhfuil tagtha chun solais go poiblí faoin tslí ar caitheadh le mná óga neamhphósta a bhí ag iompar clainne. Baineann gnéithe suaithinseacha le ceardaíocht an dráma chomh maith, leis an tslí a gcuirtear ábhar
An Scéim: An Gúm 1926-2016
An Scéim: An Gúm 1926-2016
Cnuasach Aistí Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo.
An Capall agus a Ghiolla
An Capall agus a Ghiolla
Is Capall Cainte é Brí agus is giolla bocht é Seasta. Socraíonn siad ar imeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darb ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am an éigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint. Seo an dara leabhar i sraith cháiliúil Croinicí Nairnia atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn. Tá bailchríoch chomh paiteanta, snasta céanna curtha
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis. Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain i rith an Darga Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an gcathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.
Tír na Deo
Tír na Deo
J.M. Barrie
Máiréad Ní Ghráda a rinne an leagan Gaeilge

Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda. Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm chomh mór sin ar na léitheoirí in 1938. Éalaigh leat, a léitheoir, agus téigh chun cónaithe i measc na sióg i dTír na Deo. Is ann atá Peadairín Pan – ní rachaidh aon lá aoise air siúd ann go deo na ndeor, ná ortsa agus é i do theannta. Máiréad Ní Ghráda’s popular adaptation and translation of J.M. Barrie’s novel, Peter Pan, is available once again in a revised edition.
Gluaiseacht
Gluaiseacht
Alan Titley

Bíodh go luaitear an saothar seo mar úrscéal do dhéagóirí d’oirfeadh sé dá lán é a léamh chun tuiscint a fháil ar chruachás an té ar gá dó teitheadh roimh an uafás. Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha. Tá an t-úrscéal seo i measc na leabhar atá molta do dhaltaí atá ag gabháil do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh tú éisteacht leis
Seanchas na Féinne
Seanchas na Féinne
Niall Ó Dónaill Insíonn an Dálach mar a tháinig ann don Fhiann, mar a chaith siad saol a bhí uasal ach bruíonach, agus mar a tháinig deireadh uaigneach na Féinne de dheasca an uabhair is an díoltais.
Pádhraic Mháire Bhán
Pádhraic Mháire Bhán
Seán Ó Ruadháin Is é saol na tuaithe i gCo. Mhaigh Eo sa tréimhse chorrach i ndeireadh na haoise agus i dtús na haoise seo, anuas go dtí Cogadh na Saoirse, príomhthéama Pádhraic Mháire Bhán. Gaiscíoch óg meabhrach é Pádhraic a chaitheann a shaol ag comhlint ar son a mhuintire agus a thíre.
Mo Bhealach Féin
Mo Bhealach Féin
Seosamh Mac Grianna ‘Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian,’ a deir Seosamh Mac Grianna ina chuntas iomráiteach ar an bhealach a shiúil sé féin sa saol seo. Cuireann sé síos ar a aistear ar an ghannchuid ó lóistín go lóistín i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus ar an dara siúlóid mhór a rinne sé ina aonar sa Bhreatain Bheag. Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine
Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha
Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha
Maolmhaodhóg Ó Ruairc An féidir míniúchán beacht a thabhairt ar an gcumas atá ionainn na rudaí a chloisimid agus a léimid a thuiscint? An féidir an cumas sin a leathnú agus a fhorbairt? Bíodh is nach mór a bheith eolach ar stór focal agus ar ghramadach teanga, ní leor an méid sin. Bíonn tuiscint ar na gnásanna sóisialta atá intuigthe sa teanga de dhíth freisin. Is cuid dhílis de na gnásanna sin na habairtí dúchasacha nó an teanga mheafarach. Féachtar sa bhailiúchán seo d’abairtí meafaracha agus samhlaoideacha as Foclóir Gaeilge- Béarla Uí Dhónaill le léargas nua ar an teanga mheafarach
Mise
Mise
Colm Ó Gaora This work is one of the best-known accounts of the War of Independence published in Irish. The author recounts his time as a member of the IRB and the events he participated in during the War of Indpendence in Conamara and elsewhere. He gives a vivid account of the social and living conditions of people living in Conamara at the beginning of the 20th Century and his work for Conradh na Gaeilge.
An Béal Beo
An Béal Beo
Tomás Ó Máille This is a reprint of a book first published in 1936. It is one of the most important collections of words and phrases in modern Irish. Many of the words have become obsolete but this book will enable both the fluent speaker and the learner to make use of them again in conversation, in literature and in the media.
Cén Sórt É?
Cén Sórt É?
Tomás Ó Fiachain A compendium of the varied and vast words in the Irish language to describe different kinds of people. The work was assembled using a wide range of authoritive sources and contains cross-references to these sources. It will be both a source of reference and pleasure for users of the language.
Haiku, más é do thoil é!
Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

The poet Gabriel Rosenstock is no stranger to the art of the haiku. In this delightful book he gives us a great insight into the world of the haiku, unravelling its ways and its wonders. A delight to read for both young and old.
Traenacha in Éirinn
Traenacha in Éirinn
Brian Mac Aonghusa An account of the introduction, expansion, contraction and stabilisation of Ireland’s rail services are all presented here using fact, anecdote and stricking images in a book designed with the young adult reader in mind. The use of text, maps, photographs and illustrations achieves a balance all casual readers will enjoy.
Dracula
Dracula
Bram Stoker A new edition of the famous translation by Seán Ó Cuirrín of Bram Stoker’s Dracula, based on the edition prepared by Maolmhaodhóg Ó Ruairc and published by An Gúm in 1997. Click on this link for further information www.tuairisc.ie