Forlíonadh Speisialta: An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916

Eisíodh an forlíonadh speisialta, An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916, leis an Irish Times ar an 10 Márta 2016 mar chuid de Chomóradh 1916-2016 Fhoras na Gaeilge.

Is forlíonadh lán-Ghaeilge (32 lch.) é a chíorann ceisteanna ábhartha a bhaineann leis an bhfís a bhí ann don teanga agus don tsochaí céad bliain ó shin agus atá ann inniu. I measc na n-alt tá gné-alt ón Ollamh Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, a dhéanann iniúchadh ar an gceist seo agus ar an dearcadh a bheadh ag an an seisear déag a cuireadh chun báis in 1916 faoin gcomóradh dá dtiocfaidís arís inár measc.

Cíorann údair aitheanta, lena n-áirítear Alan Titley, Des Geraghty agus Áine Ní Chiaráin, réimsí éagsúla: na meáin, cúrsaí spóirt, na healaíona, cúrsaí oideachais, litríocht, cúrsaí teicneolaíochta agus go leor leor eile.

Beidh an forlíonadh ina fhoinse luachmhar d’insititiúidí 3ú leibhéal a dhíríonn ar aon ghné den phleanáil teanga, cúrsaí cumarsáide, cúrsaí litríochta agus staire agus teagasc na Gaeilge. Beidh sé ina ábhar spéise do scoileanna, d’eagraíochtaí Gaeilge, na meáin agus do phobal na Gaeilge araon.

Is féidir leagan PDF den fhorlíonadh a íoslódáil anseo: Forlíonadh_10_Márta_Irish_Times