Folúntais

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Ardoifigeach Feidhmiúcháin (Buan) Tagairt: AOFSSC/0826

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €57,173- €72,829*.

D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.

FOIRM IARRATAIS & LEABHRÁN EOLAIS

Leabhrán Eolais AOFSSC 0826

Foirm iarratais AOFSSC 0826

TUILLEADH EOLAIS
T: (00353) (01) 639 8400
R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA:
Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé Céadaoin, 7 Deireadh Fómhair 2026 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.