10 suíomh úsáideach don fhoghlaimeoir fásta

Creidim Ionat

Is é an t-aon bhealach le ardlíofacht a bhaint amach i dteanga ar bith ná tú féin a thumadh sa teanga sin, í a labhairt, a léamh agus a chloisteáil, nó i bhfocail eile, páirt a ghlacadh sa phobal teanga sin. Tá an t-ádh orainne atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar ár gcuid Gaeilge go bhfuil leithéidí Raidió na Gaeltachta, TG4, Tuairisc, Pop-up Gaeltachtaí, ciorcail chomhrá, ceolchoirmeacha, seoltaí leabhar, oícheanta grinn agus go leor leor deiseanna eile ar fáil dúinn.

Mar sin féin, do chuid mhaith daoine atá ag teacht ar ais chuig an nGaeilge tar éis blianta fada, nó dóibh siúd atá ag tosú amach ag foghlaim na Gaeilge den chéad uair, ní airíonn siad compordach, nó muiníneach a ndóthain le léim isteach i saol na Gaeilge. Mar sin, conas is féidir an bhearna sin a líonadh idir bunleibhéal agus meánleibhéal? Tá an-chuid ranganna iontacha ar fáil thart timpeall na tíre, ach níl an t-am ag gach duine le tabhairt faoina leithéid. Mar sin, bheartaigh muid an liosta seo a chur le chéile d’fhonn spotsolas a chur ar chuid de na hacmhainní iontacha atá ar fáil saor in aisce ar líne. Níl anseo ach roinnt samplaí don fhoghlaimeoir fásta, ach is féidir teacht ar ár mórliosta iomlán anseo.

 

Tosóimid ón tús mar sin. Is suíomh é seo atá lán le cluichí simplí le cur le do stór focal. Focail shimplí laethúla atá ann den chuid is mó, leithéidí dathanna, ainmhithe, etc, agus más rud é gur fhás tú aníos in Éirinn, is maith an seans go bhfuil cuid mhaith de na focail seo i gcaill-taisce i gcúl d’aigne, fiú mura ndearna tú staidéar ar bith ar an nGaeilge! Mar a deir an seanfhocal, “tús maith, leath na hoibre”.

 

Le breis agus milliún úsáideoir gníomhach ag tabhairt faoi chúrsa Gaeilge Duolingo, ní haon rún é, agus tá cúis mhaith leis! Ní dócha go bhféadfaí ard-líofacht a bhaint amach i dteanga ar bith bunaithe ar úsáid Duolingo amháin, ach mar sin féin, ag baint úsáide as Duolingo is féidir leis an nglantosaitheor foclóir leathan a shealbhú, aithne a chur ar ghramadach agus ar struchtúr na Gaeilge agus taithí a fháil ag cur abairtí éagsúla i dtoll a chéile i dtréimhse an-ghairid. Anuas ar sin, is féidir leat é sin uilig a dhéanamh áit ar bith ar do ghuthán, i d’am féin.

 

Cé go bhfuil sé dírithe go príomha ar dhaltaí scoile, ar Foghlaim TG4 aimseoidh tú réimse leathan ceachtanna físe le cainteoirí dúchais Gaeltachta, chomh maith le míreanna éagsúla ó chláir TG4 rianaithe i gcatagóirí bunaithe ar an ábhar atá faoi chaibidil iontu. Anuas ar sin, bíonn rogha fotheidil ar fhormhór mór na míreanna chomh maith. Bailiúchán fíorúsáideach d’fhoghlaimeoir ar bith!

 

Is iontach an acmhainn é seo don fhoghlaimeoir a bhfuill foclóir leathan acu agus atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a chloisteáil d’fhonn cleachtadh a fháil ag baint céille as na focail sin agus iad curtha le chéile in abairtí cearta. Déanann na láithreoirí na scéalta nuachta is déanaí a léamh amach i nGaeilge mhall, shoiléir, shothuigthe!

 

Is coláiste samhraidh é Lurgan atá suite in Indreabhán, Cois Fharraige, Conamara, Co. na Gaillimhe, agus is a bhuí leis atá leaganacha Gaeilge againn d’amhráin phopcheol le ceoltóirí iomráiteacha fearacht Avicii, Adele agus Lil Nas X leis na milliúnaithe amharc orthu ar líne. Ach tá suíomh gréasáin ag Lurgan freisin ar a bhfuil cúrsa iontach deartha le daoine a chur ag caint i nGaeilge bhinn bhlasta Chois Fharraige!

 

An bhfuil tú ag iarraidh Gaeilge a labhairt le do pháistí, ach tá imní ort nach bhfuil na gnáthrudaí laethúla uilig a deirtear le páistí ar bharr do theanga agat? Bhuel má tá, seo é an suíomh duitse. Suíomh gréasáin le 2000 frása, agus na taifeadtaí cainte uilig a ghabhann leo ann freisin, dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann. Tá leaganacha ó na trí mhórchanúint sa suíomh agus dathchódú déanta orthu. Caint bheo na Gaeltachta atá ar an suíomh seo!

 

Tá cuntas Soundcloud Fhoras na Gaeilge lán le closleabhair agus ceachtanna luachmhaire d’fhoghlaimeoirí. Bíonn na leabhair seo á léamh ag gnáthluas, ach is leabhair do pháistí nó do dhéagóirí iad den chuid is mó, mar sin, bheadh siad foirfe don fhoghlaimeoir atá ag iarraidh an chéad chéim eile a thabhairt tar éis a bheith ag éisteacht le leithéid Nuacht Mhall. Anuas ar sin, tá na leabhair uilig ar fáil le ceannach ón nGúm, mar sin d’fhéadfaí leabhar a ordú agus é a léamh go comhuaineach leis an leagan taifeadta mar chrann taca.

 

Is é foclach macasamhail Ghaeilge an chluiche cháiliúil Wordle. Píosa spraoi is ea é, ach is iontach an acmhainn é freisin leis na focail nua uilig atá foghlamtha agat a bhuanú, go háirithe má bhíonn tú gann ar am!

 

Leis an suíomh seo, d’fhéadfaí cuid de na hamhráin sin ó TG Lurgan a luaigh mé cheana a fhoghlaim, nó fiú blaiseadh níos mó den gcultúr Gaelach a fháil le ruainne beag sean-nóis! Is bealach spraíúil é le teanga a fhoghlaim amhrán a rá, ach anuas ar sin, is minic a bhíonn saibhreas teanga agus nathanna cainte le fáil sna hamhráin nach mbíonn le fáil i mórán áiteanna eile. An té a fhoghlaimíonn amhrán Gaeilge, beidh a chuid Gaeilge níos saibhre dá réir, agus cá bhfios, b’fhéidir go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh i gceann de na comórtais ag an gcéad Oireachtas eile fiú!

 

Tá i bhfad níos mó i gceist le teanglann.ie ná foclóir. Tá rogha ann, gan dabht, idir trí cinn de na foclóirí Gaeilge is fearr, ach chomh maith leis sin, tá an oiread uirlisí úsáideacha eile ann freisin. Is féidir cuardach a dhéanamh ar nach mór focal ar bith agus éisteacht leis an gcaoi a fhoghraítear é sna trí mhórchanúint. Is féidir na tuisil ar fad atá ag focal a sheiceáil. Is féidir réimniú gach briathair i ngach aimsir a sheiceáil. Is féidir frásaí agus nathanna úsáideacha a aimsiú, agus go leor leor eile. Is uirlis luachmhar é teanglann ní hamháin do gach foghlaimeoir, ach go deimhin, do gach cainteoir Gaeilge!