14.5 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as Foclóir.ie le deich mbliana anuas

10 mbliana ar an bhfód á cheiliúradh ag an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge

Tá deich mbliana ann ó sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge i mí Eanáir 2013 i dTeach an Ardmhéara. An t-am sin bhí an chéad 30% de chion ábhair deiridh an fhoclóra (7,000 iontráil) san áireamh san fhoclóir. Ó shin i leith, tá 41,000 iontráil eile curtha ag foireann an fhoclóra leis an suíomh. Sa lá atá inniu ann, tá 48,000 iontráil agus 145,000 aonad céille le fáil ar an suíomh.

Le deich mbliana anuas tá 14.5 milliún duine tar éis cuairt a thabhairt ar foclóir.ie. D’fhéach na daoine sin ar 193 milliún leathanach le linn 38.5 milliún seisiún. An lá ba ghnóthaí a bhí riamh ag an bhfoclóir ná 26 Eanáir 2021, lá ar thug nach mór 34 míle duine cuairt ar an suíomh in aon lá amháin. An meánmhéid ama atá caite ag daoine ar an suíomh in aghaidh an tseisiúin le 10 mbliana anuas ná beagán os cionn 7 nóiméad. Fágann sin gur tuairim is 4.6 milliún uair an chloig san iomlán atá caite ag daoine ar foclóir.ie ó seoladh é. In Éirinn a bhí 70% d’úsáideoirí an tsuímh le 10 mbliana anuas, i Meiriceá a bhí 16% (2.3 milliún duine), agus sa Bhreatain a bhí 6%. Deirtear gur fánach an áit a bhfaighfeá úsáideoir foclóra agus is fíor sin i gcás an fhoclóra seo, gan dabht. Bhain breis is 40,000 duine san India úsáid as an bhfoclóir sa tréimhse deich mbliana seo, chomh maith le 6,000 i gCatar, 700 in Iamáice, 500 sa Phalaistín agus 100 in Siarra Leon.

Arsa Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, an tseachtain seo: “Coinnímid súil ar na figiúirí úsáide gach cúpla mí mar sin ní haon mhórábhar iontais dúinn na figiúirí móra úsáide seo. Bíodh sin mar atá, is údar mór sásaimh dúinn go bhfuil an oiread sin daoine ag dul i muinín an fhoclóra seo. Ligeadh gort na foclóireachta in Éirinn chun báine tar éis fhoilsiú An Foclóir Beag in 1992 ach tosaíodh á threabhadh arís nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999. Is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin agus an toradh is mó ar an obair sin ná an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge. Táimid an-sásta anois gur léir go bhfuil pobal na teanga tar éis glacadh le foclóir.ie mar cheann dá bpríomhfhoinsí tagartha. Is ábhar misnigh dúinn go háirithe an úsáid a bhaintear as an bhfoclóir sna scoileanna agus sna hinstitiúidí 3ú leibhéal.”

In ócáid fhoirmeálta i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann a sheol an tUachtarán an foclóir ar an 24 Eanáir 2013. In óráid a thug sé uaidh an oíche sin, dúirt sé: “Ba dhúshlán ollmhór é an tionscadal seo a chur i gcrích, go háirithe i bhfianaise cé chomh tábhachtach agus chomh criticiúil atá a leithéid d'áis don phobal i gcoitinne, idir fhoghlaimeoirí Gaeilge, chainteoirí líofa, mhúinteoirí, mhic léinn, aistritheoirí agus lucht na meán.  Ós rud é go bhfuil an foclóir bunaithe ar an teanga bheo leis an gcuid is comhaimseartha den Bhéarla agus den Ghaeilge araon, d'fhéadfá a rá go bhfaightear léargas sóisialta san Fhoclóir Nua seo ar chleachtas an lae inniu sa dá theanga.” 

San óráid chéanna d’aithin an tUachtarán tábhacht na bhfoclóirí trí chéile: “Is uirlisí criticiúla iad d'aon phobal teanga. Éascaíonn siad dea-chleachtas sa teanga – ar lámh amháin, cuireann siad ar chumas phobal na teanga í a láimhseáil go héifeachtach agus go muiníneach, agus ar an lámh eile, cuireann siad bonn slán faoi shaibhreas agus faoi chruinneas na teanga. Tugann foclóir mór náisiúnta stádas agus gradam ar leith don teanga i measc a pobail féin.

Arsa Eagarthóir an fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin, ag an am: “Cloítear san fhoclóir seo leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta i réimse na foclóireachta, mar a dtreoraíonn úsáid na teanga beo inneachar an fhoclóra. Dá réir sin, is léiriú é ábhar Béarla an fhoclóra ar an tslí a n-úsáidtear an Béarla in Éirinn ar na saolta seo. Chomh maith leis sin, tá iarracht déanta ag an bhfoireann an Ghaeilge mar atá sí á labhairt sa lá atá inniu ann a chur i láthair san fhoclóir. Theastaigh uainn an Ghaeilge mar atá sí á labhairt sna Gaeltachtaí a chur ar fáil do na húsáideoirí. Ar cheann de na háiseanna móra ar bhaineamar úsáid astu chun é sin a dhéanamh tá na comhaid foghraíochta a ligeann d’úsáideoirí éisteacht le fuaimniú na bhfocal sna trí mhórchanúint.

I measc na bhfocal ‘nua-aimseartha’ a bhí san áireamh san fhoclóir ag an am, agus a thugann léargas áirithe ar na scéalta a bhí i mbéal an phobail ag an am, bhí: app (aip), bondholder (sealbhóir bannaí), cloud computing (néalríomhaireacht), cyberbullying (cibearbhulaíocht), exit strategy (straitéis éalaithe), ghost estate (scáileastát), live streaming (beoshruthú), nanotechnology (nanaitheicneolaíocht), negative equity (cothromas diúltach), podcast (podchraoladh), retweet (atvuít), toxic debt (fiachas bearnaithe), tweet (tvuít).

Mar chuid den cheiliúradh 10 mbliana ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, tá i gceist ag Foras na Gaeilge gearrchlár faisnéise a choimisiúnú i mbliana ina ndéanfar cur síos ar thionscadal an fhoclóra, staid na himeartha mar a bhí roimh an tionscadal agus staid na himeartha sa lá atá inniu ann. 

Beidh na forais tras-teorainn agus Foras na Gaeilge féin ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód in 2024. Tá an fhoclóireacht ar cheann de na dualgais reachtúla a leagadh ar Fhoras na Gaeilge nuair a bunaíodh é faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1999. Aithníodh an t-am sin an géarghá a bhí ann le foclóir nua Béarla-Gaeilge go háirithe i bhfianaise an achair fhada ama ó foilsíodh Foclóir de Bhaldraithe in 1959 agus Foclóir Uí Dhónaill in 1977. Ba é tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge an chéad tionscadal foclóireachta ar thug Foras na Gaeilge faoi. 

 

 

Teagmháil: chun agallaimh a eagrú nó chun tuilleadh íomhánna a fháil, déan teagmháil le

Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge

Rphost: CBreathnach@forasnagaeilge.ie 

 

Anna Davitt, Foras na Gaeilge

Rphost: ADavitt@forasnagaeilge.ie 

 

*tuilleadh eolais agus figiúirí thíos


 

 

Bunfhigiúirí

  Le deich mbliana anuas In 2022
Úsáideoir 14,568,699 1,819,950
Seisiún 38,581,661 5,546,412
Amas 193,010,615 27,929,888
Meánmhéid ama in aghaidh an tseisiúin 07:08 07:23
Méid iomlán ama caite ar an suíomh 4,586,931 uair an chloig  

 

Tíortha

  Le deich mbliana anuas In 2022
Éire 70% (10.2 milliún duine) 75% (1.3 milliún duine)
Meiriceá 16% (2.3 milliún duine) 15% (160,000 duine)
An Bhreatain 6% (900,000 duine) 6% (95,000 duine)

 

Gléasanna

  Le deich mbliana anuas In 2022
Fón póca 57% 59%
Ríomhaire 34% 38%
Táibléad 9% 3%

 

Na focail is mó cuardach

  Le deich mbliana anuas In 2022
1 for for
2 app go
3 go be
4 be play
5 play to
6 love experience
7 to help
8 do do
9 experience get
10 get show