Cuireadh ar Léirithe Spéise

Clárú mar Phríomheagraíocht d’Earnáil na Meán Gaeilge Scríofa

Is mian le Foras na Gaeilge léirithe spéise a lorg maidir le heagraíochtaí a chur ar liosta cláraithe de phríomheagraíochtaí roghnaithe i dtaca le hearnáil na meán Gaeilge scríofa.

Ag brath ar thoradh an phróisis seo ar léirithe spéise, ceapfaidh Foras na Gaeilge iarrthóirí incháilithe le bheith curtha ar liosta cláraithe de phríomheagraíochtaí roghnaithe is féidir a cheapadh amach anseo chun foilseacháin a chur amach faoi pholasaí Fhoras na Gaeilge d’Earnáil na Meán Gaeilge Scríofa. 

Cáipéis tairisceana ar fáil ach ríomhphost a chur chuig mmaccathmhaoil@forasnagaeilge.ie

Ní mór an léiriú spéise, mar aon le haon cháipéisíocht ghaolmhar, a chur ar aghaidh i bhfoirm leictreonach agus is é 12:00 meán lae ar an 31 Eanáir 2020 an sprioc le haghaidh léiriú spéise. Ní bhreithneofar tairiscintí a gheofar tar éis an ama seo.