2022: Bliain Fhorásach d’Fhoras na Gaeilge

Agus 2022 ag teacht chun deiridh, tá súil siar á caitheamh ag Foras na Gaeilge ar bhliain fhorásach nuair a rinneadh forbairt ar mhórfheachtais feasachta teanga, ar chomhpháirtíocht le heagrais eile agus ar réimse na pleanála teanga.

Ar an 16 Nollaig, chuir Bord Fhoras na Gaeilge fáilte roimh Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Dr Aodhán Mac Cormaic, a phléigh leis an mBord na dúshláin agus na deiseanna a mbeadh aird an rialtais orthu in 2023 – ina measc cur i bhfeidhm na Straitéise Digití don Ghaeilge, agus obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge.  

Ceadaíodh maoiniú dar luach os cionn €70,000 do mhórimeachtaí ealaíon a bheidh á reáchtáil in 2023 lena n-áirítear Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2023 (Ceatharlach), Féile an Phobail Lúnasa 2023 (Béal Feirste), Scoil Samhraidh Mhic Reachtain (Aontroim) agus an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta (Gaillimh). Déanfar infheistíocht shuntasach i bhFéile na Gealaí (an Mhí) le linn 2023 nuair a chuirfear €23,000 ar fáil idir Scéim Colmcille agus Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon.

Áirítear na réimsí thíos i measc bhuaicphointí na bliana 2022:

  • Reáchtáladh Creidim Ionat le tacaíocht ó RTÉ nuair a shroich an feachtas 4.3 milliún duine agus trí thír is ochtó. Ba dhaoine in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Spáinn, i gCeanada, san Astráil agus sa Fhrainc is mó a ghlac páirt sa mhórfheachtas teanga.
  • Rinneadh comhpháirtíocht ar mhórthionscadail le RTÉ, Leabhair Pháistí Éireann, Lá Domhanda na Leabhar, Ollscoil na Gaillimhe, CLG Uladh agus CLG na Mumhan.
  • I réimse an phobail, cuireadh €4.1 milliún ar fáil d’ocht gceantar pleanála teanga, bronnadh €720,000 ar shé cinn déag d’ionaid phobail Ghaeilge agus lean 2,400 leantóir nua mórfheachtas Gaelphobal ar na meáin shóisialta. Cuireadh maoiniú ar fáil d’oifigigh Ghaeilge sa phobal i sé cheantar is tríocha ar fud an oileáin.
  • I réimse na n-ealaíon, tacaíodh le cúig fhéile is seasca, ocht gcompántas drámaíochta dhéag agus seacht mór-imeacht ealaíon.
  • I réimse na foclóireachta agus na téarmaíochta, ceapadh ceathrar eagarthóirí agus riarthóir tionscadail amháin ar chonarthaí cúig bliana. Bhí 1.8 milliún úsáideoir ar focloir.ie agus 2.4 milliún úsáideoir ar teanglann.ie.
  • I réimse na foilsitheoireachta, trí thacaíocht ó Scéim na Foilsitheoireachta foilsíodh ocht leabhar agus seasca. Bronnadh boscaí leabharlainne le leabhair Ghaeilge ar 1,125 scoil agus bhí sé leabhar déag Gaeilge ar ghearrliostaí Leabhar Gaeilge na Bliana 2022. Tacaíodh le ceithre scríbhneoir is tríocha trí Chlár na Leabhar Gaeilge faoin Scéim Meantóireachta.
  • Cuireadh córas nua iarratais ar dheontais ar líne i bhfeidhm agus glacfar le hiarratais ar líne ar scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge feasta. Tá gach eolas maidir le scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge ar fáil ar forasnagaeilge.ie.

 

Dúirt Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Agus 2022 ag teacht chun deiridh, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl dár gcomhpháirtithe agus dár ndeontaithe uilig i bpobail ar fud an oileáin a rinne an oiread sin leis an Ghaeilge a chur chun cinn le linn 2022. Tá athruithe móra á gcur i bhfeidhm maidir le ról an dá rialtas i bhforbairt na Gaeilge thuaidh agus theas, le reachtaíocht le tacú leis an Ghaeilge anois achtaithe sa dá dhlínse. Tá polasaithe agus straitéisí tábhachtacha i bhfeidhm nó a mbeartú in 2023 a chuirfidh go mór le stádas na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh ról Fhoras na Gaeilge mar eagraíocht stáit don Ghaeilge in dhá dhlínse, agus obair ár gcomhpháirtithe ríthábhachtach sa bhliain atá amach romhainn, lena chinntiú go n-éireoidh linn”

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie