£210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste don tionscadal Turas

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil deontas dar luach £210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste leis an tionscadal Turas a fhorbairt thar thréimhse 3 bliana.

Bunaíodh Turas in 2012 leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa phobal Protastúnach, aontachtach agus dílseach ó thuaidh agus tá sé mar sprioc ag an tionscadal feasacht faoin nGaeilge a fhorbairt ar bhonn logánta, ag leibhéal an rialtais agus ag leibhéal trasteorann.

Tá plean forbartha cuimsitheach curtha le chéile ag Misean Oirthear Bhéal Feirste a dhíríonn go príomha ar fheasacht na Gaeilge a thógáil chomh maith le deiseanna foghlama agus cleachta a chruthú d’fhoghlaimeoirí leis an nGaeilge a fhorbairt i measc an phobail aontachtaigh in oirthear Bhéal Feirste agus ar fud Thuaisceart Éireann. Faoi láthair soláthraíonn Turas 14 rang Gaeilge do 200 foghlaimeoir chomh maith le seisiúin oidhreachta agus imeachtaí cultúrtha ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn, “Tá an tionscadal seo ag athrú thírdhreach na Gaeilge ar fud an oileáin, go hairithe ó thuaidh, agus ag léiriú do phobal an oileáin nach bhfuil baint ag an Ghaeilge le dearcadh polaitiúil ná le féiniúlacht náisiúnta – gurb amhlaidh a bhaineann an Ghaeilge leis an oileán seo agus le pobal an oileáin.”

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Thuras, “Is mór againn tacaíocht Fhoras na Gaeilge do Thuras agus beidh ar ár gcumas leanúint orainn ag cur Gaeilge faoi bhráid pobail nua agus foghlaimeoirí féideartha chomh maith le tacú lenár bhfoghlaimeoirí reatha trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh a gcuid scileanna teanga a fheabhsú.”

Críoch

Nóta don Eagarthóir:

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Turas agus faoi Mhisean Oirthear Bhéal Feirste anseo: https://www.ebm.org.uk/turas/

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175 Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie