5 Acmhainn d’Oíche Shamhna trí Ghaeilge ó Gaeloideachas

Creidim Ionat

Tá Oíche Shamhna ag druidim linn, agus tá go leor smaointe agus acmhainní ar fáil ag Gaeloideachas gur féidir leat a úsáid sa bhaile chun an Ghaeilge a shní isteach sa cheiliúradh! Tá liosta iomlán d’áiseanna, focail, agus frásaí atá bailithe ag Gaeloideachas ar fáil anseo, ach seo cúpla sampla:

 

Tá an físeán seo dírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge. Tá sé lán le focail agus abairtí nasctha lenár bhféile ársa Samhain, agus Oíche Shamhna dar ndóigh.

Is leabhrán é seo a d’fhorbair Gaeloideachas do pháistí óga sa Naíonra, ach d’fhéadfá úsáid a bhaint as sa bhaile freisin! Tá an leabhrán lán le rainn, dánta, amhráin, agus pictiúir le dathú.

Téigh amach ag siúl le do theaghlach timpeall ar Oíche Shamhna, agus féach cé mhéad de na rudaí ar an liosta a fheiceann sibh! Is bealach spraíúil é seo chun cur le bhur stór focal d’Oíche Shamhna.

Tugann na cártaí seo smaointe deasa maidir le sosanna gluaiseachta dírithe ar théama Oíche Shamhna. Is féidir iad a úsáid mar ghníomhaíocht aonair ann féin, nó fite fuaite i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann le hOíche Shamhna le sos gluaiseachta a thabhairt agus deis/tacaíocht a thabhairt don rialú. Forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism.

An ndearnadh tú anraith a chócaráil trí Ghaeilge riamh? Bain triail as an oideas seo d’anraith puimcín sa bhaile, agus foghlaimeoidh tú focail agus frásaí nua freisin!

 

Bainigí taitneamh astu!

 

Tá na hacmhainní ar an liosta seo ar fad ar fáil saor in aisce ar líne.