Agallamh le hEimear Finan – Buaiteoir Ghradam Smedia

Bhí an-áthas ar Fhoras na Gaeilge tacú leis na Gradaim Smedia i mbliana, ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas Iriseoireacht trí Ghaeilge. Aithníonn na gradaim seo caighdeán ard iriseoireachta i measc mac léinn. D’éirigh le hEimear Finan, rúnaí ar an gCumann Gaelach i gColáiste na Trionóide agus eargarthóir sóisearach ar The University Times, an comórtas seo a bhuachan lena halt, Fostaíocht san Aontas Eorpach – Iniúchadh ar Chúrsaí Dlí agus Gaeilge. Diríonn an t-alt seo ar na deiseanna atá ar fáil san Eoraip dóibh sin a bhfuil suim agus cruinneas sa Ghaeilge acu agus cuireann sé ceist cén fáth nach bhfuil cúrsa sa Dlí agus Gaeilge ar fáil do mhic léinn Choláiste na Trionóide. Tá éagsúlacht le feiceáil i scríbhneoireacht Eimear, í ag obair le téamaí éadroma chomh maith le scéalta níos dáiríre, mar atá le feiceáil san alt seo.

Cé go bhfuil Gaeilge líofa ag Eimear, bhí ionadh uirthí nuair a chonaic sí ar na meáin shóisialta go raibh Smedia buaite aicí. “Ní raibh mé ag súil leis, bhí ríméad orm,” a dúirt sí.

Bhí suim i gcónaí ag Eimear i gcúrsaí iriseoireachta agus i dteangacha. Múinteoir Gaeilge is ea máthair Eimear, Mary, agus d’fhás an tsuim a bhí aici sa teanga i ndiaidh di maidin chaife a eagrú do chairde agus comharsana, spreagtha ag an bhfeachtas The Gathering. “Bhí cairde liom agus tuismitheoirí leo ag an teach agus bhí gach éinne ag úsáid na Gaeilge a bhí acu,” a deir sí liom faoin ócáid. “Bíonn níos mó Gaeilge ag daoine ná mar a cheapann siad.”

Lean Eimear léi leis an nGaeilge, ag freastal ar an nGaeltacht roimh di an ardteist a dhéanamh agus ag glacadh páirte i scéim cónaithe na mac léinn agus í sa choláiste. Bhí freagrachtaí ag baint le bheith mar chuid den scéim seo agus i measc na bhfreagrachtaí sin, rinne Eimear agus cairde leí gníomhaíochtaí mar chéilí agus comórtas Mr & Mrs a eagrú trí Ghaeilge, mar aon leis an amhrán Send Me on My Way a aistriú go Gaeilge, le foilsiú ar na meáin shóisialta. “Bhí an Ghaeilge mar chuid speisialta dár saol agus bhíomar sásta í a scaipeadh san ollscoil. Rinnemar Jailbreak a reachtáil chomh maith agus bhí mé mar chuardaitheoir.”

Rinne Eimear bliain a chaitheamh in Albain i ndiaidh di an scoil a fhágáil, ag fanacht lena deirfiúr agus a fear agus ag fáil taithí oibre in oifig dlíodóra. “Bhí an-suim agam i gcúrsaí dlí agus d’fhoghlaim mé an-chuid le linn na bliana,” a mhíníonn sí. Cé go bhfuil sí ag baint taitnimh as an gcúrsa, tá sí ag déanamh machnaimh ar céard ba mhaith léi a dhéanamh sa todhchaí. “Níl sé beartaithe agam céard ba mhaith liom a dhéanamh go fóill, ach leanfaidh mé leis an nGaeilge agus leis an scríbhneoireacht.” Tá leibhéal B2 ag Eimear i dTeastas Eorpach na Gaeilge, agus tá sé i gceist aici leanúint leis an teanga i slite éagsúla amach anseo. Tá an-suim aici dioplóma san aistriúchán a ghnóthú ó Óstaí an Rí. Mar a deir sí féin, “Beidh mé réidh don saol oibre ag an bpointe sin.

Sinéad Nic Gearailt