Am an Phobail: Carn Tóchair #ÁrdTeangaFéin

Cé hiad pobal Charn Tóchair? 

Tá pobal beag tuaithe ina bhfuil 200 teaghlach i gceantar Shleacht Néill, faoi Shliabh Charn Tóchair, ar imeall Mhachaire Rátha, Co. Dhoire. Bhí an ceantar ag bánú thar na blianta, dúshlán a raibh tionchar aige ar chúrsaí teanga, ar ghnáthóga traidisiúnta éiceolaíochta agus ar an earnáil talmhaíochta.

Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair in 1992 le hathghiniúint a dhéanamh ar cheantar Shleacht Néill agus Charn Tóchair agus le tionscadail timpeallachta, eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha a chur chun cinn sa cheantar.

Tá athbheochan na Gaeilge lárnach d'éiteas an choiste forbartha agus tá gach tionscadal curtha chun cinn go dátheangach acu. Tá pobal óg, beo, fuinniúil Gaeilgeoirí a bhfuil fís gheal acu don cheantar i mbun athbheochan na Gaeilge faoi láthair.

Bhí Carn Tóchair i measc 5 phobal labhartha Gaeilge a fuair aitheantas oifigiúil mar líonra Gaeilge in 2015. Ba í seo an chéad uair a bronnadh stádas oifigiúil dá leithéid ar cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht.

Croílár an Phobail

Tá siopa, siopa caife, áislann, amharclann, club óige agus club iarscoile i measc na seirbhísí atá ag freastal ar phobal Charn Tóchair trí Ghaeilge. Tá ranganna Gaeilge agus ceoil, ciorcail chomhrá, cúrsaí oiliúna agus seisiúin reifléacseolaíochta do bhabaithe agus do pháistí san áislann á soláthar go háitiúil.

Féile phobalbhunaithe is ea Féile Charn Tóchair a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, teanga, timpeallacht agus oidhreacht seandálaíochta cheantar Mhachaire Rátha. Anuas ar Fhéile Charn Tóchair, reáchtálann an pobal Feis Charn Tóchair a chuireann cultúr agus athbheochan na Gaeilge chun cinn. Tá rannóga san fheis atá oiriúnach do gach duine óg, idir naíscoil, Ghaelscoil, bhunscoileana agus meánscoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Conas a thacaíonn Foras na Gaeilge le Carn Tóchair?

Is trí Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020, Líonraí Gaeilge, Scéim na bhFéilte, Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige a chuir Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Charn Tóchair in 2018.

Má tá suim agat eolas sa bhreis a fháil faoinár scéimeanna maoinithe agus faoin tacaíocht ar fáil duitse líon an bosca teagmhála thíos agus beimid i dteagmháil leat.  

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge don phobal sa leabhrán Am an Phobail.

Tá tuilleadh eolais faoi líonraí Gaeilge ar fáil ar #GaeilgeleChéile.

Is féidir teacht ar liosta iomlán scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo