Am na Foilsitheoireachta #ÁrdTeangaFéin

Conas a chuireann Foras na Gaeilge an fhoilsitheoireacht chun cinn?

Is trí na haonaid An Gúm, Áis agus Clár na Leabhar Gaeilge a chuireann Foras na Gaeilge an léitheoireacht agus an fhoilsitheoireacht chun cinn go príomha. Trí Chlár na Leabhar Gaeilge, tacaítear le foilsitheoirí na Gaeilge trí Scéim na Foilsitheoireachta agus le scríbhneoirí na Gaeilge trí na scéimeanna scríbhneoireachta.

Cuireann An Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Sa lá atá inniu ann is ag plé leis an bhfoclóireacht, le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile agus le hábhar léitheoireachta don aos óg is mó a bhíonn An Gúm. Tá cúram reachtúil ar leith ar Fhoras na Gaeilge maidir leis na nithe sin.

Bunaíodh Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar (Áis) chun foilseacháin Ghaeilge a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireann Áis seirbhís dáiliúcháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge agus cinntíonn soláthar leabhar Gaeilge ar an margadh.

Mórghradaim Foilsitheoireachta

Tá Mór-Ghradaim Foilsitheoireachta 2019 á n-eagrú ag Foras na Gaeilge i gcomhpháirt leis an gceanneagraíocht Ghaeilge An tOireachtas. Níos déanaí i mbliana bronnfar Gradam Uí Suilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agusGradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg) ar fhoilsitheoirí agus ar údair Ghaeilge.

Tabharfaidh na mórghradaim seo aitheantas do dhea-chleachtais, do chruthaitheacht agus do chur i láthair ag gach aon leibhéal den phróiseas a bhaineann le leabhar a ullmhú don mhargadh.

Portráidí.ie

Tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil is ea Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge atá á reáchtáil i gcomhpháirt le Comhar.

Cnuasach beo portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, bunaithe ar shaothar ceannródaíoch Máire Uí Mhaicín. Tá 136 scríbhneoir sa chartlann reatha agus beifear ag cur leis seo de réir a chéile. Tuilleadh eolais ar portraidi.ie.

Cad iad na scéimeanna a thacaíonn leis an bhfoilsitheoireacht?

Trí Chlár na Leabhar Gaeilge, cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí araon trí na scéimeanna seo a leanas:

  • Scéim na Foilsitheoireachta
  • Scéim na gCoimisiún
  • An Scéim Meantóireachta
  • Scéim na dTionscadal Litríochta

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na scéimeanna foilsitheoireachta anseo .

Bíonn Clár na Leabhar Gaeilge ag freastal ar ár n-údair is óige ar fad chomh maith. Is tionscadal é Scríobh Leabhar le scríbhneoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile. Bíonn thart faoi 8,000 páiste páirteach sa tionscadal sin gach bliain agus rogha dá gcuid gaiscí le feiceáil ar shuíomh www.scríobhleabhar.ie.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do na healaíona ar fáil sa leabhrán Am na Foilsitheoireachta.

Is féidir teacht ar liosta iomlán scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo