Am na hEalaíne: Branar & Moonfish #ÁrdTeangaFéin

Cad iad Branar agus Moonfish?          

Branar Téatar do Pháistí ar cheann de na príomhchompántais téatair atá ag cruthú saothair do pháistí in Éirinn. Cruthaíonn Branar léirithe áille, nuálacha d'ardchaighdeán a spreagann páistí agus a muintir agus tacaíonn siad le healaíontóirí atá ag cruthú saothair do lucht féachana óg trí shainchláir roinnte acmhainní agus trí "Sheónna Bídeacha". Cruthaíonn siad deiseanna chomh maith do pháistí le go mbeidh siad in ann breathnú ar a gcleachtas ealaíne féin sa láthair scoile.

Is comhlacht amharclannaíochta é Moonfish atá lonnaithe i nGaillimh agus a chruthaíonn léiriúcháin i nGaeilge agus i mBéarla a bhfuil bunús acu i ndomhan leathan na samhlaíochta. Is comhlacht comhoibríoch é Moonfish a mheascann teangacha, scéalaíocht, ceol agus damhsaíocht le puipéadóireacht, teicneolaíocht idirghníomhach agus soilsiú chun eispéiris spleodracha a chruthú atá dúshlánach agus spreagúil don lucht féachana.

Ag Cumasú na nEalaíon

Cuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge, na healaíona traidisiúnta, cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus ar bhonn idirnáisiúnta. Cuimsíonn an obair seo earnáil na n-ealaíon, féilte, comhdhálacha, drámaíocht, ceardlanna oiliúna, foilseacháin, scannáin agus ócáidí cultúrtha.

Dar le Foras na Gaeilge go n-imríonn na healaíona ról riachtanach sa tsochaí trí chuidiú linn ár bhféiniúlacht a shainiú agus muid féin a chur in iúl.

Conas a thacaigh Foras na Gaeilge le Branar agus Moonfish?

In 2018, thacaigh Foras na Gaeilge le Branar agus Moonfish trí Scéim na gCompántas Drámaíochta 2018.

Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail freastail agus féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do na healaíona ar fáil sa leabhrán Am na hEalaíne.

Is féidir teacht ar liosta iomlán scéimeanna Fhoras na Gaeilge anseo