An chéad chomórtas do Bhonn Néill Uí Dhónaill buaite ag Tadhg Mac Eoghain

Tadhg a bhuaigh an phríomhdhuais i gcomórtas aistí foclóireachta a reáchtáil Foras na Gaeilge den chéad uair i mbliana. Comórtas atá ann a bhfuil d’aidhm aige mic léinn tríú leibhéal a chur ag machnamh ar chúrsaí foclóireachta mar réimse taighde agus mar ghairm bheatha. Bronnadh duaiseanna ar na daoine seo a leanas:

  • Duais idirnáisiúnta agus an phríomhdhuais – Tadhg Mac Eoghain (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) – duais €500 agus Bonn Néill Uí Dhónaill
  • Duais Chúige Uladh – Danielle Ní Néill (Ollscoil na Banríona) – duais €200
  • Duais Chúige Chonnacht – Máirín Mackinnon (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) – duais €200
  • Duais Chúige Laighean – Ella Archbold (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) – duais €200

Chuaigh leithne an ábhair agus caighdeán an n-aistí i gcoitinne go mór i bhfeidhm ar an bpainéal measúnaithe. Arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge:

“Is mór an t-ábhar dóchais dúinn sa chéad bhliain seo de chomórtas aistí Néill Uí Dhónaill a oiread mic léinn chumasacha atá tar éis spéis a léiriú i gcúrsaí foclóireachta. Tréaslaím an obair leis na mic léinn go léir a chuir isteach ar an gcomórtas agus gabhaim buíochas leis na léachtóirí agus leis na teagascóirí a chabhraigh leo aistí a ullmhú nó a spreag iad le cur isteach ar an gcomórtas. Comhghairdeas le Danielle, Máirín, Ella agus le Tadhg a scríobh aistí den scoth agus a bhain duaiseanna sa chomórtas. Ar mbuíochas chomh maith le hAmbasadóir na hÉireann sa Ghearmáin, Nicholas O’Brien, agus leis an bhfoireann san Ambasáid a d’eagraigh an bronnadh Dé hAoine. Is mór againn go bhfaigheadh an comórtas agus an bonn aitheantas mar seo sa chéad bhliain.”

Scríobh Tadhg Mac Eoghain aiste dar teideal “Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht”. San aiste, phléigh sé tionscadal foclóireachta atá idir lámha aige féin ar an bhFoclóir Aiteach agus ar an téarmaíocht a bhaineann leis an bpobal LADTA. Phléigh sé an stair a bhain le foilsiú an Fhoclóra Aitigh ar dtús agus an tslí ar tháinig an foclóir sin ar an saol. Phléigh sé ansin na deiseanna a bheidh ann amach anseo, ní hamháin don Fhoclóir Aiteach, ach do cheird na foclóireachta i gcoitinne. Phléigh sé slite ina bhféadfaí sluafhoinsiú a dhéanamh ar shaineolas teanga agus foclóireachta agus an teicneolaíocht á húsáid.

Seo an chéad bhliain atá an comórtas seo á reáchtáil in ómós don fhoclóirí mór le rá a bhí ina eagarthóir ar an bhfoclóir cáiliúil Foclóir Gaeilge-Béarla in 1977. Choimisiúnaigh Foras na Gaeilge bonn speisialta don chomórtas agus tá i gceist ag an Rannóg Foclóireachta i bhForas na Gaeilge an comórtas a reáchtáil gach bliain amach anseo.

Tuilleadh eolais:

Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail Foclóireachta, Foras na Gaeilge

CBreathnach@forasnagaeilge.ie