An Ciste Tionscadal

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an gCiste Tionscadal. Is ciste é seo atá dírithe ar réimsí oibre agus tionscadail nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus tá idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 ar fáil mar dheontas.

Fáilteofar roimh iarratais a léiríonn:

  1. go bhfuil cur chun cinn, cothú agus buanú na Gaeilge mar phríomhaidhm den tionscadal a bhfuil deontas á lorg ina leith
  2. go bhfuil an tionscadal ag teacht le tosaíochtaí agus le straitéis Fhoras na Gaeilge
  3. go bhfuil gá leis an tionscadal agus go bhfuil luach airgid le fáil ag Foras na Gaeilge agus pobal na Gaeilge

Fáilteofar roimh thionscadail mar iad seo a leanas:

  1. Tionscadail nuálacha a bheadh de leas earnáil na Gaeilge nó phobal na Gaeilge
  2. Forbairt coincheapa nua a bheadh de leas earnáil na Gaeilge nó phobal na Gaeilge
  3. Tionscadail a mbeadh tionchar leathan acu ar earnáil na Gaeilge nó ar phobal na Gaeilge
  4. Tionscadail a chinntíonn cur chun cinn, cothú agus buanú na Gaeilge.