An-éileamh ar Scéim Meantóireachta 2021-22

Ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ar an 11 Meitheamh, ceadaíodh luach €81,350 i ndeontais don Scéim Meantóireachta 2021-22, atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge trí Chlár na Leabhar Gaeilge.

Tugann an scéim seo deis luachmhar do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó scríbhneoirí aitheanta. Beidh Máire Zepf, Alan Titley, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn agus Gabriel Rosenstock i measc na scríbhneoirí a bheidh ag obair go dlúth le fiche scríbhneoir faoi oiliúint a cháiligh don scéim i mbliana.

Ceapadh Réaltán Ní Leannáin mar chomhordaitheoir ar an scéim. Bhí Réaltán Ní Leannáin ina printíseach le Scéim na nOidí roinnt blianta ó shin, faoi stiúir Dermot Somers. Tá an-taithí aici i saol na scríbhneoireachta leis na blianta. Bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le linn 2019, áit ar chabhraigh sí le scríbhneoirí óga forbairt agus ar éascaigh sí ceardlanna.

Agus é ag caint ar an maoiniú breise atá á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge i mbliana don scéim seo, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “B’údar misnigh dúinn an líon ard iarratas ó scríbhneoirí (43) ar an Scéim Meantóireachta i mbliana agus go bhfuil cúigear meantóirí nua ar liosta aitheanta na meantóirí faoin scéim: Sadhbh Devlin, Meadhbh Ní Eadhra, Róisín Sheehy, Joe O’Donoghoe agus Philip Cummings.”

Ceadaíodh deontais dar luach €257,672 do Scéim na nImeachtaí Óige 2021/22. Tabharfaidh an scéim deiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil agus spreagfaidh sí labhairt na teanga ar bhealach spraíúil.

Cuirfidh na deontais ar a gcumas do thrí ghrúpa is seasca chun dhá sheisiún déag a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, seisiúin a bheidh dírithe ar dhaoine óga idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois. Meastar go mbeidh deis ag níos mó ná 5,300 páiste a bheith rannpháirteach sna himeachtaí in 2021 agus 2022.

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie