Asailín Abú!

Asailín Abú!

Pauline Devine
Fergal O'Connor a mhaisigh

Tá Mamó agus na hainmhithe beaga ag obair go crua leis na glasraí i ngairdín Mhamó a chur ag fás. Síos leo go dtí an trá chun feamainn a bhailiú. Cabhróidh an fheamainn leis na plandaí fás. Ach, cad seo? Tá asal gonta ar an trá! Cad a bhain don asal in aon chor agus cad a d’fhág sa riocht sin é? Pé rud a bhain dó, ní mór aire mhaith a thabhairt dó chun go dtiocfaidh biseach air. Agus níl dream níos fearr chun é sin a dhéanamh ná Mamó agus a cairde.

 

Ón údar céanna leis an leabhar Ó Bhó, na Beacha! Bainfidh páistí 6-9 agus tuismitheoirí araon súp as an leabhar seo a léamh!

ISBN 978-1-83720-001-6
€12
Clúdach Crua 40 Leathanach