An Corpán sa Trunc

Cathal Ó Sándair

‘A Bhriain, a chara, deirim leat go bhfuil troid romhainn. Ní bhfaighimid trócaire ar bith; ní dhéanfaimid trócaire ach chomh beag. Tá an namhaid sa daingean cheana féin. Caithfear é a ruaigeadh gan mhoill, nó beimid ródhéanach.’

Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach.

Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh?

Féadfaidh tú sliocht as an leabhar a léamh ach cliceáil ar an nasc thall.

ISBN 978-1-85791-991-2
€9