Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh

Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh

Cathal Ó Sándair

‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé!

Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha.

Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh?

Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach?

Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn.

Féadfaidh tú sliocht as Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh a léamh ach cliceáil ar an nasc.

ISBN 978-1-85791-992-9
€9