Athsheoladh focal.ie: Bunachar focal na Nua-Ghaeilge

Beidh an suíomh idirlín focal.ie á athsheoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne mar chuid d'imeachtaí foclóireachta Fhoras na Gaeilge ag an bhféile. Suíomh tairsí nua, Stór Focal na Gaeilge Comhaimseartha, atá sa leagan nua seo de focal.ie, mar a liostaítear na focail go léir a fhaightear sna  príomhfhoinsí tagartha ó thús ré an Chaighdeáin Oifigiúil go dtí an lá atá inniu ann. Beidh an t-úsáideoir in ann cliceáil chun an fhianaise ábhartha go léir a fheiceáil in aon cheann de na foinsí sin.

"Is ar an nGaeilge amháin atáthar ag díriú in focal.ie," arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. "Aon duine ar spéis leis focail na Gaeilge, beidh spéis aige san eolas cuimsitheach atá á chur i láthair anois ar an aon suíomh amháin – cad iad na focail atá in úsáid, cad iad na cialla atá leo, cá bhfuil siad le fáil, cá huair a tháinig siad i dtreis, srl. Is é focal.ie an suíomh foirfe dá leithéid, agus táimid an-sásta go mbeidh sé á sheoladh ag féile mhór phobal na Gaeilge."

Sa suíomh nua faightear innéacs de na focail Ghaeilge atá le fáil i sé phríomhfhoinse: an bunábhar Gaeilge in Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, in tearma.ie, i mbunachar téarmaíochta gaois.ie, agus in An Foclóir Beag; mar aon leis na príomhaistriúcháin Ghaeilge atá san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge (focloir.ie) agus in English-Irish Dictionary de Bhaldraithe. Chomh maith leis sin tugtar sonraí minicíochta na bhfocal go léir i Nua-Chorpas na hÉireann.

"Is réamhchéim é focal.ie d'fhorbairt na bhfoclóirí Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla atá beartaithe ag Foras na Gaeilge nuair a bheidh an foclóir reatha i gcló in 2020," arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. "Tá a lán forbairtí spéisiúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an suíomh amach anseo, mar shampla, liostaí ó na canúintí a chur leis nó naisc chuig foinsí ábhartha eile. Tá i gceist amach anseo, leis, deis sluapháirtíochta a thabhairt don phobal chun focail, cialla nó nótaí tráchta a chur leis an suíomh."

Tá Fiontar agus Ollscoil Chathair BÁC páirteach sa leagan nua seo de focal.ie chomh maith tríd an mbunachar téarmaíochta atá ag gaois.ie. Is comhpháirtíocht é seo atá le leas chách, a deir an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil ag an Oireachtas. "Is tríd an téarmaíocht atá go leor d'fhocail nua na Gaeilge á gcumadh agus á gcur i gcúrsaíocht, agus is áis iontach don úsáideoir é an dá mhórshuíomh téarmaíochta a bheith taobh le taobh leis na suíomhanna foclóireachta. Ónár dtaobhna de, is deis eile é an suíomh nua seo chun acmhainní luachmhara gaois.ie a chur i lár an aonaigh leis na príomhfhoinsí Gaeilge eile."

 

Seolfar focal.ie ag 4.00 p.m. inniu sa Seomra Torc in Óstán Gleneagle, Cill Airne ag Oireachtas na Samhna 2018.

 

Déanfar sruthú beo ar an ócáid ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge.

 

Tuilleadh eolais: Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie