Dán an Domhnaigh #LeChéile: An Sionnach Úd ar Shráid Ghrafton le Alan Titley

Grianghraf le Máire Uí Mhaicín

 

 

 

Is dán é seo, An Sionnach ar Shráid Ghrafton,  a scríobh Alan Titley.  Ba bhreá linn é a roinnt libh mar chuid den tsraith Dán an Domhnaigh.  Is meantóir é Alan Titley faoi Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge. Tugann an scéim seo deis do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta (meantóirí).  #LeChéile

Cúpla focal ón bhfile faoin dán:

Phrioc radharc an tsionnaigh a chonaiceamar ar an nuacht agus é ag siúl síos go maorga trí Shráid Ghrafton rud éigin ionam. An uaisleacht, an réchúis, an mhuinín. Agus rith sé liom cad é an gnó a bheadh aige ann? Agus gan amhras, buaileadh isteach im aigne gur éirigh linn teacht slán in ainneoin na siopaí seo go léir, agus go bhfuil oiread sin nithe sa tsaol nach bhfuil aon ghá againn leo, ar nós an tsionnaigh féin!

Focail agus dán le Alan Titley

AN SIONNACH ÚD AR SHRÁID GHRAFTON

(chonacthas sionnach uaigneach ar Shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath le linn an chiúnais agus an chuibhrithe a bhí ann Earrach agus Samhradh 2020)

Choisigh an sionnach úd suas is síos

Sráid Ghraftan go ciúin

Is go ceithre-lapach.

 

Chonaic sé in Brown Thomas

Na héadaí galánta síoda

San fhuinneog.

 

 Uaidh sin ar a shiúlta dó

Monsoon Accesorize mór geal,

Álainn go léir.

 

A scáil féin ag caint ar ais leis

Tríd an bhfuinneog mhór

Go solasmhar séin

 

Seodra níos gile fós ag glioscarnach

Lena ngabh-i-leith

Ó Weir and Sons.

 

Bróga áille ó Thomás Pádraig

Snoite go greanta do lucht

An dá chois.

 

Chomh snasta céanna sin ó Dune

Amhail is gur chás leis

Cá raibh sé ag dul.

 

Leabhar nach léifeadh sé choíche

Ina seasamh go bagrach

In siopa Dubray.

 

Cógais leighis le fáil in Boots

Ar ghalair nach raibh

Air féin.

 

Leipreacháin in Seasons Ireland

Le fáil go tiubh is go daor

Nach bhfaca sé riamh.

 

Micí Maus ó sheomra Disney

Nár mhaus le fírinne

Ná caora é.

 

Karl Marx agus Edmund Spencer

Is gach geallúint acu dó

Ach gan coinín le ceannach.

 

Boladh uisce na beatha agus eile

Ón Irish Whiskey museum

Ach níor phótaire é.

 

Málaí geala in Cath Kitson

Gach dath spiagach fan na slí

Seachas donnrua glé.

 

Cumhdach san Aran Sweater Market

Ach ní raibh sé fuar

Ina chulaith féin.

 

D’imigh sé leis go Faiche Stiabhna

Áit a raibh lachain ag snámh

Agus b’fhéidir gé.

 

Ach ar shráid Ghraftan rinne iontas

De na nithe nach raibh riamh uaidh

Inniu nó inné.

 

An file

Is scoláire, colúnaí le The Irish Times, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é Alan Titley. Ó 1981 i leith bhí sé i gceannas ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, go dtí gur ceapadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, in 2006. Tá iliomad duaiseanna buaite aige, ina measc Gradam Bisto 2004 dá úrscéal, Amach (An Gúm, 2004). Scríobh sé agus chuir sé an tsraith teilifíse Scéal na Gaeilge i láthair do TG4 sa bhliain 2012. D’fhoilsigh An Gúm a úrscéal Gluaiseacht in 2009, scéal bunaithe ar inimircigh agus inimirce. Foilseofar Lúba go luath, úrscéal a bhuaigh buaicghradam próis na bliana ag Oireachtas 2018.

Portráidí.ie