Dán an Domhnaigh #LeChéile: Fuascailt ó Liombó le Pauline Nic Chonaonaigh
Is dán é seo, “Fuascailt ó Liombó” a scríobh Pauline Nic Chonaonaigh. Ba bhreá linn é a roinnt libh mar chuid den tsraith "Dán an Domhnaigh". Is scríbhneoir í faoi Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge. Tugann an scéim seo deis do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta (meantóirí). #LeChéile
Cúpla focal ón bhFile faoin Dán:
Nuair a cuireadh na srianta i bhfeidhm roinnt seachtainí siar mar gheall ar an víreas corónach, fuair mé an-dúshlánach é, go háirithe mar go bhfuilim os cionn seachtó. B’ionann sin agus clutharú dhomsa. Thar éis roinnt laethanta, d’airigh mé teannas i mo chorp agus míshuaimhneach ionam féin. É sin ráite, tá an t-ádh dearg orm go bhfuil mé i mo chónaí i gceantar aoibhinn i gCois Fharraige. Nuair a shiúlaim amach doras an tí, tá mé timpeallaithe ag an dúlra – feicim míorúiltí beaga ag tarlú timpeall orm – ceol na n-éan ó bhánú go duibhe, beacha gnóthach, féileacáin ar a dturas agus na hiontaisí eile ar fad atá le sonrú thart orainn. Ar an lá áirithe seo, thug mé faoi deara go raibh an nádúr ag feidhmiú díreach mar a bhíonn i gcónaí, an víreas ann nó as. Thar éis cúpla uair a chaitheamh sa ngarraí, d’airigh mé go raibh an teannas is an strus maolaithe, níos éadroime i m’intinn is dóchas i mo chroí. Shíolraigh an dán sa ngarraí.
Focail agus dán le Pauline Nic Chonaonaigh
Ealaím as Liombó ar feadh scaithimh
Ón gclutharú seo atá mar chuing
Ar rabharta mo chroí
Slogaim siar le cíocras
Leoithne na gaoithe aneas
Lochtaithe le boladh géar na feamainne
Blasaim goirte an tsalainn ar mo bheola
Breathnaím ó dheas
Ar ollfhairsinge na seiscinne móire
An niamhracht sin is an diamhracht
Eitlíonn aimiréal dearg tharam
Leanann mo shúile a ghluaiseacht
Ach tá seisean cruógach ar thóir pailine
Cloisim dordán beoga beiche
Í sáite go dúid sa gcaisearbhán
Ag cruinniú neachtair
Airím siosarnach tobann
Ag bun an chrainn cuilinn
Cearc fhraoigh lena chluimhreach órbhuí
Ag déanamh mionscrúdú ar an ngarraí
Suím ar chloch in aice an tsrutháin
Déanaim machamh ar an saol mar atá anois
Tachtaithe ag an gcúngú is na srianta nua
Luíonn imeagla go trom ar mo chroí
An mbeidh deireadh go deo leis an bplá amuigh?
Beireann mearbhall is neamhchinnteacht
Greim scóige orm dem’ bhuíochas
Seasann liosta fada romham dóibh siúd a thit
Airím uamhan géar istigh
An cuar seo ina thonn taoide ag teannadh
Tarraingíonn plobarnaíl sa sruthan m’aird
Gliondar orm ag féachaint ar scata froganna
Ag léim ó chloch go huisce, ó uisce go cloch
Éistím le guth ársa an londuibh is é ag fógairt
Imeoidh seo, imeoidh seo, imeoidh seo
Cantaireacht smólaigh ar chrann caorthainn
Ag tairngreacht …in am trátha…in am trátha
Feicim úire an duilliúir ar na crainnte
Is iontaisí an earraigh ag síneadh amach romham
Musclaíonn mo chroí
An Fhile:
Cé gur rugadh Pauline i gCathair na Gaillimhe, tá cónaí uirthí i gCois Fharraige le fada anois. Thosaigh sí ag scríobh in 2014 agus foilsíodh a céad chnuasach filíochta in Aibreán 2019. Bhuaigh an cnuasach seo an chéad áit i gComórtas Liteartha an Oireachtais do Scríbhneoirí Úra in 2016.