Blag na Scéime Meantóireachta 2021: Cathal Póirtéir

Tugann Cathal cuntas sa bhlag thíos maidir lena thaithí féin ag obair mar mheantóir faoin scéim, an próiséas maidir le saothar a scríobh, agus gur deis í an scéim ‘súil eile’ a bheith ag scríbhneoir ar a gcuid oibre.

Smaointe ar an mheantóireacht

Is beag duine atá iomlán cinnte go bhfuil na dréachtaí scríbhneoireachta a bhreacann siad chomh maith nó chomh snasta agus a ba mhaith leo iad a bheith. Má bhíonn an t-ádh ar scríbhneoir beidh duine inteacht ar aithne aige nó aici a bhfuil sé muiníneach as a dtuairimí liteartha, go mbeidh siad ionraic, cuiditheach agus ceartbhunaithe. Ach is minic nach mbíonn comhairle chruthaitheach mar sin ar fáil gan stró ag daoine agus fágtar an scríbhneoir gan an tacaíocht a theastaíonn le misneach a thabhairt dó nó di gearrscéal, úrscéal, dán nó dráma a chur os comhair strainséirí, bíodh siad ina n-eagarthóirí irise, léiritheoirí drámaíochta nó foilsitheoirí leabhar.

Is deis iontach í an Scéim Meantóireachta ag Foras na Gaeilge do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo súil eile ar a saothar sula gcuirfidh siad os comhair an tsaoil mhóir é nó faoi shúile léirmheastóirí i gcomórtas. Tá raon leathan scileanna ag na daoine atá mar mheantóirí na scéime agus iad thar a bheith sásta teacht i gcabhair ar scríbhneoirí eile. Tá saothar fiúntach foilsithe thar na blianta acu, duaiseanna buaite agus ceardlanna tugtha acu ar fud na tíre. Thar rud ar bith eile b'fhéidir, tá a gcroí sa litríocht agus i scríbhneoireacht na Gaeilge agus iad ar bís lámh chúnta a thabhairt do scríbhneoirí eile. Le chéile is fearr muid.

Tarlaíonn sé d'ealaíontóirí de gach aon chineál, scríbhneoirí, péintéirí agus cumadóirí ceoil abair, go bhfuil a fhios acu go bhfuil saothar maith cruthaithe acu ach go mbraitheann siad nach bhfuil an nóta ard sroichte acu, go bhfuil dath éigin in easnamh nó líne bhacach ann go fóill d'ainneoin a gcuid iarrachtaí féin an locht a aimsiú agus a leigheas. Ní chreidim gurb ann don ealaíontóir a bhíonn os cionn a bhuille gach orlach den tslí ar gach aon turas cruthaitheach a dhéanann sé nó sí. Ar ámharaí an tsaoil tá an scéim seo ann agus is féidir leis an scríbhneoir comhairle a lorg, gan faitíos, gan náire, ó dhaoine eile a thuigeann an cúram go maith agus a bhfuil taithí na mblianta acu mar léitheoirí, mar scríbhneoirí agus mar theagascóirí.

Uaireanta bíonn sé soiléir ar an chéad léamh cad iad na céimeanna is gá a ghlacadh le caighdeán an phíosa scríbhneoireachta a fheabhsú. Amanna eile beidh athléamh agus athmhachnamh i gceist agus dréachtaí breise le déanamh le teacht ar an leagan is fearr agus is féidir. Má tá bríonna ceilte nó téamaí caolchúiseacha sa tsaothar, tá baol ann nach dtabharfaidh meantóir faoi deara iad ar an chéad léamh ach, más ea, tá baol mar a chéile ann nach rachaidh na gnéithe sin den scéal i bhfeidhm ar léitheoir eile muna ndéanann tú leasú thall is abhus. I ndeireadh na dála, is cuma cad é a cheapann nó a mholann meantóir ar bith, is faoin scríbhneoir féin atá sé an chomhairle sin a ghlacadh nó a dhiúltú de réir mar a thuigeann siad a scéal féin. Is leis an scríbhneoir an scéal, an dán, an dráma nó an t-amhrán agus is é ainm an scríbhneora a bheidh leis.  

Níl réiteach gach faidhbe ag gach meantóir agus is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh siad ar a ndícheall ag iarraidh theacht ar dhóigheanna le barr feabhas a chur ar aon saothar a chuirtear faoina mbráid. Ní gá ach an cheist a chur.