Bonn Néill Uí Dhónaill 2023 buaite ag Caoimhe Quinn

Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill ar Chaoimhe Quinn ag ócáid in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste an tseachtain seo. Ba í Caoimhe a bhuaigh an phríomhdhuais sa chomórtas bliantúil aistí foclóireachta a eagraíonn Rannóg na Foclóireachta i bhForas na Gaeilge agus a bhfuil d’aidhm aige mic léinn tríú leibhéal a chur ag machnamh ar chúrsaí foclóireachta mar réimse taighde agus mar ghairm bheatha. Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh agus bhí beirt de léachtóirí Chaoimhe, Gearóid Ó Domagáin agus Caoimhín Ó Dónaill ó Roinn na Gaeilge in Ollscoil Uladh, i láthair chomh maith.

Bhuaigh na mic léinn seo a leanas duaiseanna i mbliana:

  • Duais Chúige Uladh agus Bonn Néill Uí Dhónaill – Caoimhe Quinn (Ollscoil Uladh)
  • Duais Chúige Mumhan – Karin Mason (Ollscoil Luimnigh)
  • Duais aitheantais – Eimear Curtin (Ollscoil na Gaillimhe)

Chuaigh réimse an ábhair agus ardchaighdeán an n-aistí i gcoitinne go mór i bhfeidhm ar an bpainéal measúnaithe. Arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge:

“Tá an-spéis léirithe ag mic léinn as ollscoileanna ar fud na tíre agus thar lear i gcomórtas aistí Bhonn Néill Uí Dhónaill ó cuireadh ar bun é trí bliana ó shin, agus is ábhar mór sásaimh agus dóchais é sin dúinn. Tréaslaímid an obair mhór leis na mic léinn uilig a chuir isteach ar an chomórtas i mbliana, agus gabhaimid ár mbuíochas leis na léachtóirí agus leis na teagascóirí a chabhraigh leo a gcuid aistí a ullmhú nó a spreag iad le cur isteach ar an chomórtas. Comhghairdeas le Caoimhe, Karin, agus Eimear, a scríobh aistí den scoth agus a bhuaigh duaiseanna an chomórtais i mbliana.”

An teideal a bhí ar aiste Chaoimhe Quinn ná “Tá cinntí le déanamh ag lucht foclóireachta maidir le forainmneacha sa lá atá inniu ann”. San aiste a scríobh sí, léirigh sí tuiscint mhaith ar cheird na foclóireachta comhaimseartha agus ar na freagrachtaí a bhíonn ar fhoclóirithe i leith na teanga beo sa lá atá inniu ann. Phléigh sí teoiricí éagsúla foclóireachta agus thug sí samplaí ó roinnt teangacha éagsúla, lena n-áirítear an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis agus teangacha na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh.

Phléigh sí an coilíneachas agus an tionchar a bhí aige sin, ní hamháin ar chúrsaí teanga, ach ar dhearcthaí i leith cúrsaí inscne in áiteanna mar Haváí, na Filipíní agus Meiriceá Thuaidh.

Chuaigh doimhne agus leithne an taighde in aiste Chaoimhe go mór i bhfeidhm ar an bpainéal measúnaithe.

Is é seo an tríú bliain atá an comórtas seo á reáchtáil ag Foras na Gaeilge in ómós don fhoclóirí mór le rá a bhí ina eagarthóir ar an bhfoclóir cáiliúil Foclóir Gaeilge-Béarla in 1977. Tá bonn speisialta coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge mar dhuais don chéad áit agus tá i gceist an comórtas seo a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn.

Blurbaí don dá ghrianghraf faoi iamh:

Pictiúr 1: Pádraig Ó Mianáin ó Fhoras na Gaeilge ag bronnadh Bhonn Néill Uí Dhónaill ar Chaoimhe Quinn ó Ollscoil Uladh, buaiteoir chomórtas 2023 

Pictiúr 2: Gearóid Ó Domagáin agus Caoimhín Ó Dónaill (Roinn na Gaeilge, Ollscoil Uladh), Caoimhe Quinn, agus Pádraig Ó Mianáin (Eagarthóir Foclóireachta, Foras na Gaeilge)