Ceadaíonn Bord Fhoras na Gaeilge deontais i réimse na nEalaíon agus Óige

Ceadaíonn Bord Fhoras na Gaeilge deontais i réimse na nEalaíon agus Óige

Conradh do margaíochta bronnta ar Lorg Media

Reáchtáladh cruinniú an Fhorais Teanga agus cruinniú boird Fhoras na Gaeilge in Aonach Mhacha, Ard Mhacha ar an Aoine an 30 Meitheamh.  

Ag an gcruinniú boird, ceadaíodh luach €110,497 de dheontais do sheacht bhféile is caoga a bheidh á reáchtáil sa dara leath den bhliain trí Scéim na bhFéilte, Glaoch 2. Cuireann Scéim na bhFéilte maoiniú ar fáil d’fhéilte a bhfuil sé mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid den fhéile. Faoin dá ghlaoch den scéim, tacóidh Foras na Gaeilge le hocht bhféile is seachtó ar an iomlán le linn 2023.

Léiríonn ardú suntasach ar líon na n-iarratas don dá ghlaoch den scéim seo (ardú ó chúig iarratas is seachtó in 2022 go 107 n-iarratas in 2023) an tsuim atá ag fás i láithreacht na n-ealaíon dúchasach agus na Gaeilge ag féilte. I measc na bhféilte a bheidh á reáchtáil le tacaíocht ó Scéim na bhFéilte, Glaoch 2, beidh Babaró Internatianal Arts Festival for Children (Gaillimh) Éigse na Brídeoige (Ciarraí), Féile Árainn Mhór (Dún na nGall), The Gap Arts Festival (Loch Garman), Scoil Acla (Maigh Eo), Beyond the Pale (Baile Átha Cliath) agus Éigse na nGlinntí (Aontroim).

Ceadaíodh deontais dar luach €187,663 do Scéim na nImeachtaí Óige 2023/24, a thugann deiseanna úsáide do dhaoine óga a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid i mbealach spraíúil. Cuirfidh na deontais ar chumas na ndeontaithe ar a laghad dhá sheisiún déag a eagrú le linn thréimhse na scoilbhliana, atá dírithe ar dhaoine óga idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois taobh amuigh den scoil. 

Faoi Scéim Tionscadal Colmcille, ceadaíodh luach £20,450 de dheontais do Leabhar Breac don phictiúrleabhar Deirdre, Glór na Speiríní don ghrúpa Ag roinnt agus ag ceiliúradh le chéile agus do Choiste Forbartha Charn Tóchair don ghrúpa Bíonn Siúlach Scéalach.

Ag caint di i ndiaidh an chruinnithe i gCathair Ard Mhacha, chuir Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, fáilte mhór roimh an deis, trí scéimeanna pobail Fhoras na Gaeilge, tacú le cur chun na Gaeilge sa phobal.

Tá conradh bronnta ag Foras na Gaeilge ar Lorg Media le tabhairt faoi fheachtas margaíochta agus poiblíochta leabhar Gaeilge chomh maith le seirbhísí margaíochta d’Fhoras na Gaeilge go dtí Nollaig 2026. Díreoidh margaíocht leabhar Gaeilge ar líon na siopaí a dhíolann leabhair Ghaeilge agus a dhéanann poiblíocht orthu a mhéadú chomh maith le feiceálacht agus díolachán leabhar Gaeilge i siopaí a ardú.

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge 

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie