Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart
Preaseisiúint
Ceiliúrann Foras na Gaeilge oifigigh Ghaeilge i gcomhairlí sa tuaisceart
Rinne Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann ar a bhfuil freagracht as an Ghaeilge a chur chun cinn, ceiliúradh Dé Máirt an 9 Deireadh Fómhair 2018 ar na ceithre oifigeach Gaeilge nua-cheaptha i dtrí cheantar comhairle sa tuaisceart le páirtmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge ag ócáid i Halla na Cathrach i mBéal Feirste.
Tá Comhairle Bhéal Feirste i ndiaidh a gcéad oifigeach Gaeilge riamh a cheapadh de réir straitéis teanga na comhairle. Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin i ndiaidh an dara hoifigeach Gaeilge acu a cheapadh agus tá dhá oifigeach Gaeilge ceaptha ag Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí tríd an scéim reatha.
Tá naoi n-oifigeach Gaeilge i bpost faoi láthair i gcúig chomhairle ar fud an tuaiscirt, a bhfuil ceathrar acu maoinithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim seo.
Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Suzanne Wylie, fáilte roimh na hoifigigh Ghaeilge nua agus aíonna chun na hócáide agus chuir sí béim ar an ról tábhachtach a imríonn an Ghaeilge in éagsúlacht teanga agus chultúrtha chathair Bhéal Feirste. D’fháiltigh sí roimh fhorbairtí atá déanta ag Comhairle Bhéal Feirste maidir le teangacha, go háirithe lainseáil straitéis teanga na comhairle 2018-2023, ag aithint na tacaíochta atá faighte ó Fhoras na Gaeilge.
Thug Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, aitheantas do thábhacht stairiúil na hócáide, go háirithe do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag ceapadh a gcéad oifigeach Gaeilge, “Leis an Ghaeilge á plé go poiblí b’fhéidir níos mó ná riamh roimhe sa tuaisceart, tá deiseanna nua ag teacht chun cinn le spéis phoiblí sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ag méadú, agus leis seo tagann deiseanna nua. Leis na deiseanna sin tagann, ar ndóigh, cuid dúshlán, ach cuirimid fáilte roimh na céimeanna atá déanta ag na comhairlí seo ag ceapadh oifigigh Ghaeilge.”
Ag caint ag an ócáid chomh maith bhí an Dr David Mitchell, Ollamh Cúnta le Réiteach Coimhlinte agus Athmhuintearas i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus comhúdar Reconciliation through language learning? A case study of the Turas Irish language project in East Belfast, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Ina iris cuireann sé béim ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge a bheith ina cúis le comhaontú i dTuaisceart Éireann:
Since language learning is naturally accompanied by encounter with the history of the language, it can open a space for the discovery of shared historical experiences, or revision of narrow or destructive understandings of history.
Ag an ócáid chéanna lainseáil Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, i gcomhar leis an Choiste um Riarachán ar Cheartas, taighde ar an Ghaeilge i gcomhairlí áitiúla, lena n-áirítear Próifílí Teanga 2018, a chuireann síos ar an tsoláthar pobail, oideachais agus shóisialta i ngach ceann de na 11 chomhairle áitiúil. Agus é ag labhairt faoin taighde dúirt sé, “Léiríonn na Próifílí Teanga, a lainseáladh mar aguisín leis an taighde a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge inniu, cuid den obair iontach atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge sna comhairlí áitiúla. Léiríonn siad chomh maith, áfach, bearnaí móra i dtacaíocht phobail agus i soláthar i gcuid de na comhairlí. Léiríonn an taighde go soiléir go bhfuil cuid comhairlí ann ar theip orthu a ndualgais a aithint nó a chur i bhfeidhm i leith na Gaeilge, mar a shonraítear sa dlí áitiúil agus idirnáisiúnta. Táimid ag iarraidh a bheith ag obair leis na comhairlí seo amach anseo, ag tarraingt ar chur chuige comhairlí eile maidir leis an chleachtas is fearr.”
Chuir Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Deirdre Hargey, clabhsúr oifigiúil ar an ócáid agus d’athdhearbhaigh sí a tacaíocht leanúnach do Bhéal Feirste do chách agus í ag díriú ar chearta do gach saoránach sa chathair, lena n-áirítear cearta na mban ar chúram sláinte, cearta LADT agus cearta do Ghaeilgeoirí.
Críoch
Nóta don eagarthóir:
Faoi Scéim na nOifigeach Gaeilge
Trí Scéim na nOifigeach Gaeilge cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla sa tuaisceart le deis a thabhairt dóibh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus le tacú leo cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tá Foras na Gaeilge ag cómhaoiniú poist oifigeach Gaeilge sna comhairlí seo a leanas thar thréimhse 3 bliana na scéime reatha:
- Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge.
- Comhairle Cathrach Bhéal Feirste: £44,774.50 mar chómhaoiniú do phost oifigigh Gaeilge
- Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí: £44,774.50 mar chómhaoiniú do dhá phost oifigigh Gaeilge.
I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an scéim seo ó 2006 i leith tá: clár oiliúna Gaeilge d’oibrithe comhairle, clár ócáidí agus imeachtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe comhairle agus don phobal a éilíonn seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánacha.
Tá faoi láthair cúig cheantar comhairle a bhfuil oifigigh Ghaeilge i bpost acu ó cuireadh tús leis an scéim:
- Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
- Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
- Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí
- Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin*
- Comhairle Lár Uladh
* Bhí oifigigh Ghaeilge Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dún neamhspleách ar scéim Fhoras na Gaeilge.
Tuilleadh eolais:
Caoimhe Ní Chathail, Foras na Gaeilge: cnichathail@forasnagaeilge.ie │ 028 (048) 9089 0970
Grianghraif:
Jim Corr Photography