Ceithre ainmniúchán ag Raidió na Life don Phodchraoladh is Fearr sa Ghaeilge ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann 2022!

Tá ceithre ainmniúchán faighte ag Raidió na Life don Phodchraoladh is Fearr sa Ghaeilge i gcomórtas Ghradaim Phodchraoltaí na hÉireann theirishpodcastawards.ie 2022! 

 

Is podchraoltaí Raidió na Life ceithre chinn den chúig phodchraoladh a d’éirigh leo ainmniúcháin a fháil sa rannóg Gaeilge den chomórtas náisiúnta do na podchraoltaí is fearr in Éirinn. Is iad seo a leanas na podchraoltaí a fuair ainmniúcháin: 

 

Tá foireann Raidió na Life agus na podchraoltóirí óga iontacha a oibríonn linn go deonach an-bhródúil as ceithre chinn den chúig ainmniúchán sa rannóg seo a fháil. Is léiriú gan aon agó é seo ar an gcruthaitheacht iontach agus an bhisiúlacht a spreagann Raidió na Life i measc na glúine óig a ghlacann páirt sa stáisiún pobail, agus an t-ardán agus an tacaíocht a thugann sé do chruthaitheoirí óga ábhar fuaime, idir phodchraoltóirí is láithreoirí raidió óga. 

 

Is podchraoltóirí deonacha iad an chuid is mó díobh siúd a fuair ainmniúcháin: Lisa Nic an Bhreithimh, láithreoir Fada is Fairsing, podchraoladh agus clár raidió a chuireann agallaimh ar dhaoine ó ghach cearn den domhan trí Ghaeilge; Doireann Breathnach, láithreoir Scéalta agus Béilte, podchraoladh agus clár raidió a dhéanann comhrá le haíonna éagsúla gach seachtain mar gheall ar na béilte is ansa leo agus is fearr a chaith siad agus na scéalta is suimiúla óna saol; agus Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, láithreoirí An Spota Dubh, podchraoladh agus clár spóirt a bhfuil an-tóir air agus a dhéantar eagráin speisialta de mar phodchraoladh oifigiúil Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, i gcompháirt le Raidió na Life. Léiríodh an podchraoladh Teachtaireachtaí mar chlár raidió i dtosach, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann, tríd an scéim mhaoinithe chraolacháin Fuaim & Fís, leis an táille ceadúnais teilifíse. 

 

Arsa Doireann Breathnach, an podchraoltóir taobh thiar de Scéalta agus Béilte:

“Tá lúcháir orm go bhfuil Scéalta agus Béilte ar cheann de na podchraoltaí ainmnithe sa chatagóir don Phodchraoladh is Fearr sa Ghaeilge ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann i mbliana! Mo bhuíochas leis an bhfoireann ag Raidió na Lífe as an gcuidiú agus an tacaíocht a thugann siad dom le gach a dhéanaim leis an bpodchraoladh agus leis na haíonna go léir a ghlacann páirt ann!” 

 

Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: 

 

“Tá ardmholadh ag dul dár bpodchraoltóirí deonacha go léir a fuair ainmniúcháin inniu, Lisa, Doireann, Cárthach agus Cian, a dhéanann podchraoltaí iontacha, mealltacha agus ar sárchaighdeán trí Ghaeilge, ar ábhair éagsúla, do rogha leathan éisteoirí. Molaim freisin ár nOifigeach Forbartha & Oiliúna Judy-Meg Ní Chinnéide, léiritheoir Teachtaireachtaí. Gabhaim buíochas freisin le Foras na Gaeilge as ucht a dtacaíocht mhaoinithe leanúnach do Raidió na Life agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann as a dtacaíocht cheadúnaithe agus an tacaíocht airgeadais bhreise atá curtha ar fáil acu dúinn trína scéim mhaoinithe chraolacháin Fuaim & Fís le blianta beaga anuas. 

Agus Raidió na Life ag feidhmiú ní hamháin mar stáisiún raidió pobail lán-Ghaeilge den chéad scoth le beagnach tríocha bliain anuas, ach sa ré ina mairimid anois mar mhol léiriúcháin digiteach d’obair sna meáin trí Ghaeilge, go háirithe le daoine óga, is vóta iontach muiníne in obair an stáisiúin iad na hainmniúcháin seo inniu agus táimid ag tnúth go mór leis an ngné seo d’obair Raidió na Life a fhorbairt sna blianta beaga atá amach romhainn. Go n-éirí le podchraoltóirí uile Raidió na Life ag searmanas na ngradam i mí Mheán Fómhair!” 

 

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail Gaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge. Tá foireann bheag de thriúr lánaimseartha agus beirt pháirtaimseartha ag obair sa stáisiún.   

 

Is ar bhonn deonach a oibríonn na craoltóirí, le idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte chuile sheachtain. Tá Bord Stiúrtha deonach ag an stáisiún chomh maith.   

 

Tá na mílte craoltóirí tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le beagnach tríocha bliain anuas, ina measc, roinnt de na craoltóirí is aitheanta sa tír, idir réaltaí teilifíse is raidió – daoine amhail Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Cormac Ó hEadhra, Aedín Gormley, Colm Ó Mongáin, an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Barbara Nic Dhonnchadha, Fachtna Ó Drisceoil agus an t-uafás eile.     

 

Tá cáil ar an stáisiún as ardchaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Raidió na Life ar fáil ar www.raidionalife.ie