#CéMuid: Anna Davitt

Tá feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Anna Davitt a chur in aithne daoibh!

Réimse: Cumarsáid agus margaíocht

Ionad: Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, ach táim ag obair ó chian faoi láthair.

Ról: Freagrach as cumarsáid agus margaíocht d’Fhoras na Gaeilge lena n-áirítear caidreamh poiblí, suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, feachtais, fógraíocht, urraíocht agus imeachtaí.

An ghné is mó den obair a thaitníonn leat: Tá grúpa inmheánach foirne á stiúradh agam a bhíonn ag obair liom ar na meáin shóisialta. Is breá liom an ghné seo den obair mar go gcuireann taithí agus smaointe na ndaoine ar an ngrúpa go mór lenár bhfeachtais. Bhí trí mhórfheachtas againn i mbliana agus, cé go raibh sé dúshlánach socruithe a chur in oiriúint do na srianta, is dóigh liom gur thug siad deis dúinn triail a bhaint as rudaí nach smaoineodh muid orthu roimh 2020!

Ag cuimhneamh siar, bhí feachtais iomlán éagsúil á bpleanáil againn nuair a cuireadh tús leis an dianghlasáil ach tugadh saoirse agus tacaíocht dúinn feachtas nua, #LeChéile, a thosú i mí Aibreáin leis an bpobal a chumasú an Ghaeilge a úsáid sa bhaile. Seoladh ár bhfoclóir nua ar bhealach nuálach ar líne le feasacht a ardú i measc an mhórphobail agus na meán i mí Dheireadh Fómhair.

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge?: Tá ról ar leith agam maidir le hardú feasachta agus mar sin, bím ag obair ar mhórfheachtais éagsúla a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail. Táimid tar éis tógáil go mór ar ár láithreacht ar na meáin shóisialta le cúpla bliain. Baineann mo réimse le gach gné den eagraíocht ar bhealach idir chumarsáid inmheánach agus sheachtrach.

Pleananna i do réimse amach anseo?: Cuirfear an-bhéim ar an réimse digiteach in 2021 nuair a bheidh ár gcóras deontas ag dul ar líne den chéad uair. Seo mórthionscadal atá á fhorbairt le roinnt bliana agus, tráthúil go leor, beidh sé á sheoladh nuair atá éileamh níos mó ná raibh ar áiseanna ar líne. Anuas air sin, táimid ag súil le leagan athdheartha de forasnagaeilge.ie a nochtadh sa bhliain nua.

Mar a luaigh mé, thug 2020 dúshlán dúinn tabhairt faoi rudaí ar bhealach eile agus tá cuid mhaith rudaí nua foghlamtha agus forbartha i mbliana. Beidh feachtas nua á sheoladh againn i mí Eanáir. Coinnígí súil ar ár gcuntais shóisialta!