#CéMuid: Aodh Mac Ruairí

Ainm: Aodh Mac Ruairí

Réimse: Pobalscéimeanna Cholmcille

Ionad: Gaoth Dobhair

Ról: ag obair mar oifigeach feidhmiúcháin ag reáchtáil agus ag riar scéimeanna maoinithe Cholmcille. mar aidhm ag scéimeanna Cholmcille caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus pobail teanga Ghaeilge na hÉireann agus na pobail sin a neartú tríd an chaidreamh seo. Tugann an Scéim Sparánachta deis d’iarratasóirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a ghabháil go Sabhal Mòr Ostaig ar Oileán Sgitheanach le Gaeilge na hAlban a fhoghlaim.

Cad é an ghné is den obair a thaitníonn leat? Is mór liom go mór a bheith ag plé leis na grúpaí éagsúla a bhaineann tairbhe as na scéimeanna. Bainim sult mór as a bheith in ann éascaíocht a dhéanamh ar na tionscadail ilchineálacha a bhíonn idir lámha againn go hiondúil.

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge? Gaeilge na hÉireann agus na Gaeilge hAlban lárnach i gcuid oibre Cholmcille agus spreagann na scéimeanna suim agus forbairt sa theanga. Cruthaíonn na scéimeanna comhpháirtíochtaí fadtéarmacha idir grúpaí a bhfuil suim ar leith acu sa theanga Ghaeilge. Gairmscoil Chú Uladh i nDún na nGall agus Àrd-sgoil a' Phluicin Albain mar eiseamláirí den chineál seo comhpháirtíochta atá fadtéarmach agus teangabhunaithe.

Tacaíonn an Scéim Sparánachta go mór le cur chun cinn an theanga Ghaeilge agus is minic a théann rannpháirtithe na scéime seo ar aghaidh chun tionscadail fhiúntacha theangabhunaithe eile a chruthú. Is eiseamláir í Féile na Gealaí de thionscadal teangabhunaithe atá ag gabháil chun feabhais achan bhliain.

Cad iad na pleananna i do réimse amach anseo?
I láthair na huaire Colmcille ag obair le Bòrd na Gàidhlig, oifigigh phleanála teanga, agus grúpaí pobail eile le tabhairt faoi thionscadail le haghaidh bhliain chomórtha Cholmcille, Colmcille 1500. 1500 bliain ó saolaíodh Naomh Cholmcille agus beidh comóradh á dhéanamh ar a shaol agus a oidhreacht idir an 7 Nollaig 2020 agus an 7 Nollaig 2021. dearadh iomlán úr déanta ar an suíomh Colmcille.net le cois lógó úr agus leathanach ar leith le haghaidh an chomórtha.