#CéMuid: Breandán Mac Craith

feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Breandán Mac Craith a chur in aithne daoibh!

Réimse: Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (Áis)

Ionad: Dún Seachlainn, Co. na .

Ról: Clárbhainisteoir Áis. Cuireann Áis seirbhís dáileacháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge a chinntíonn go gcuirtear leabhair Ghaeilge ar fáil ar an margadh. Déantar suas le 200,000 leabhar a dháileadh ar níos 265 shiopa leabhar ar fud na hÉireann agus thar lear ón trádstóras atá lonnaithe i nDún Seachlainn, Co. na .

Cad é an ghné is den obair a thaitníonn leat?: Na leabhair! Foilsítear suas le 170 leabhar nua in aghaidh na bliana agus bhíonn a fhios agat riamh cad é an chéad rud eile a thiocfaidh tríd an doras. Ó leabhair do pháistí go scéinséirí don fhoghlaimeoir fásta agus ó úrscéalta grafacha go bailiúcháin d’fhilíocht chomhaimseartha, éagsúlacht dhochreidthe sna leabhair atá á bhfoilsiú agus rogha seánraí agus spéiseanna do gach duine

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge: léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ríthábhachtach do shealbhú agus do sheachadadh shaibhreas na Gaeilge. an saibhreas seo le feiceáil ar gach leathanach de na leabhair atá á bhfoilsiú ag foilsitheoirí na Gaeilge agus Áis ann chun a chinntiú go bhfuil an pobal in ann teacht go héasca ar na leabhair iontacha atá á bhfoilsiú.

Cad iad na pleananna i do réimse amach anseo?: Leanfaimid in Áis ag tacú le foilsitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge agus lenár gcustaiméirí trí sheirbhís dáileacháin den scoth a chur ar fáil. obair ar bun againn le seirbhís eolais nua a fhorbairt ar líne, ina mbeidh eolas faoi na leabhair atá ar fáil agus a thabharfaidh poiblíocht do na leabhair nua ilchineálacha atá le teacht! Coinnigh súil amach don láithreán nua ag www.leabhar.ie.