#CéMuid: Colm Ó hArgáin

Tá feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Colm Ó hArgáin a chur in aithne daoibh!

Réimse: Oideachas

Ionad: Baile Átha Cliath

Ról: Táim ag obair mar ardoifigeach feidhmiúcháin sa Rannóg Oideachais. Bím lárnach san obair a chuireann mo rannóg i gcrích gach bliain ar na scéimeanna Óige le haghaidh campaí samhraidh agus clubanna óige. Bím ag plé le deontas Chumann na bhFiann atá mar cheanneagraíocht ar an mór-réimse Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.

Táim freagrach as tionscadal CLG Uladh, ina bhfuil oifigeach Gaeilge fostaithe leis na nGaeilge a chur chun cinn trí na clubanna CLG i gCúige Uladh. Le déanaí d’fhorbair mé scéim nua, Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta, a chuidíonn le tuairim is 560 duine tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht gach bliain, chomh maith leis an gCiste Tionscadal, a chuireann maoiniú ar fáil do thionscadail nuálacha atá de leas earnáil agus phobal na Gaeilge. Tagann deiseanna chun cinn i gcónaí agus d’oibrigh mé ar thionscadail le TG4 agus Cumann Pheil na mBan le déanaí mar shampla. Ar ndóigh bíonn neart oibre riaracháin i gceist sa ról, mar shampla, tuairiscí do lucht na hardbhainistíochta agus do bhord Fhoras na Gaeilge.  Táim i mo bhall de mheitheal feasachta na heagraíochta a dhíríonn ar na meáin shóisialta go príomha. Oibrím ar thionscadail feasachta eile ó am go ham, mar shampla, ceardlanna feasachta,  an tionscadal Do Ghairm le Gaeilge le Grad Ireland, an comórtas BEO, imeachtaí ag Oireachtas na Samhna agus comhdhálacha eile i rith na bliana.

An ghné is mó den obair a thaitníonn leat:

  1. Éagsúlacht na hoibre
  2. A bheith i mo bhall de rannóg dhocht, fhuinniúil, chairdiúil
  3. A bheith ag freastal ar imeachtaí agus ag bualadh le deontaithe agus oibrithe eile in earnáil na Gaeilge

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge?: De réir mar atá méadú ag teacht ar líon na nGaelscoileanna agus líon na ndaltaí sa chóras Gaeloideachais, tá gá le deiseanna úsáide Gaeilge, agus éileamh orthu, do dhaltaí Gaelscoile, sa scoil agus taobh amuigh di go háirithe. Cuireann na scéimeanna agus na tacaíochtaí ó Fhoras na Gaeilge na deiseanna úsáide sin ar fáil agus cruthaítear infreastruchtúr de sheirbhísí oideachais fud fad an oileáin mar thoradh.

Pleananna i do réimsí amach anseo?:

  1. Cuirfear béim ar leith ar oiliúint tosaigh bunmhúinteoirí ó dheas.
  2. Tógfar ar an ról comhairleach atá ag Foras na Gaeilge ó thuaidh chun cur le líon na n-iarbhunscoileanna a bhfuil an Ghaeilge ar fáil mar ábhar ardleibhéil iontu agus líon na scoláirí ardleibhéil a mhéadú.
  3. Tá córas ar líne d’iarratais ar dheontais á fhorbairt leis an tacaíocht is éifeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.