#CéMuid: Ursula Ní Shabhaois

Tá feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Ursula Ní Shabhaois a chur in aithne daoibh!

Réimse: Pobal agus Gnó

Ionad (ag léiriú ár n-oifigí éagsúla): Baile Átha Cliath

Ról (cur síos gairid): Is mise an comhordaitheoir pleanála teanga agus oibrím ar an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Bím ag obair le bailte seirbhíse Gaeltachta agus le líonraí Gaeilge le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i fheidhm.

Cad é an ghné is mó den obair a thaitníonn leat? Is minic a bhím ag bualadh le grúpaí éagsúla sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge agus taitníonn sé go mór liom a bheith ag plé leis na daoine seo agus ag cloisteáil faoin dul chun cinn atá déanta ag coistí fud fad na tíre.

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge? Tá deiseanna iontacha ann do cheantair ina bhfuil an próiseas pleanála teanga ar siúl an Ghaeilge a chur chun cinn. Cruthaítear pleananna teanga ag leibhéal an phobail atá dírithe ar na riachtanais teanga áirithe sa cheantar sin, na láidreachtaí agus na laigí san áireamh. Ciallaíonn sé seo go mbíonn na pleananna teanga éagsúil óna chéile agus gur féidir le coistí an leas is fearr a bhaint as an phróiseas ina gceantair féin.

Pleananna i do réimse amach anseo? Go luath beidh muid ag cur go leor eolais ar fáil don phobal faoin phróiseas pleanála teanga. Beidh ábhar nua ar fáil le daoine a chur ar an eolas faoin phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus leis an obair atá ar bun ag coistí pleanála teanga cheana féin a chur i mbéal an phobail. Ba mhaith linn tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine foghlaim faoin phróiseas agus foghlaim ó na grúpaí atá i mbun na hoibre faoi láthair.