Ciste nua do thionscadail nuálacha fógartha ag Foras na Gaeilge

Ón lá inniu beidh Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó eagraíochtaí don Chiste Tionscadal. Tá sé mar aidhm ag an gciste nuabhunaithe tacú le réimsí oibre agus tionscadail nach dtiteann faoi ghnáthréimsí scéimeanna Fhoras na Gaeilge.

Fáilteofar go háirithe roimh iarratais a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealaí nuálacha , chomh maith le coincheapa agus tionscadail a rachaidh chun leas phobal na Gaeilge. Beidh deontais dar luach idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 á gcur ar fáil d’eagraíochtaí ar fud fad an oileáin as seo go deireadh 2020 faoin gciste teoranta.

Anuas ar an gCiste Tionscadal, is ábhar sásaimh d’Fhoras na Gaeilge go mbeidh soláthar 2020 do scoláireachtaí Gaeltachta fós á chur ar fáil do dhaoine óga (faoi ocht mbliana déag) ó thuaidh agus do dhaoine fásta ar fud an oileáin le freastal ar chúrsa in 2021.

Ceadaíodh na deontais dar luach €70,524 do Chonradh na Gaeilge agus do Ghael Linn le bronnadh ar iarrthóirí le linn 2020, ach tá síneadh ama á thabhairt d’iarrthóirí na scoláireachtaí a chur i dtreo cúrsaí le linn 2021. Leanfar ag bronnadh tuilleadh scoláireachtaí faoin scéim chéanna le linn 2021 agus 2022 faoin gcur chuige athbhreithnithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is céim dhearfach d’Fhoras na Gaeilge an Ciste Tionscadal a fhógairt inniu agus tá mé cinnte go bhfáilteoidh nuálaithe agus ceannródaithe a bhfuil smaointe acu maidir le tionscadail chomhaimseartha go mór roimh an fhógra. Is ábhar sásaimh dúinn na scoláireachtaí Gaeltachta a cheadú do 2021 mar aithnímid ar fad gur tréimhse dhúshlánach í seo do na coláistí Gaeltachta agus don Ghaeltacht. Tá súil againn go mbeidh foghlaimeoirí ag breathnú chun cinn agus go mbainfidh siad leas as na scoláireachtaí a luaithe is a bheidh cúrsaí Gaeltachta á reáchtáil arís”.

Críoch

Faoin gCiste Tionscadal
• Tá gach eolas faoin gciste ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge anseo.
• Níl aon spriocdháta ag an gCiste Tionscadal. Déanfar measúnú ar iarratais go leanúnach go dtí go mbeidh an ciste caite ag deireadh 2020.
• Is féidir ceisteanna faoin gCiste Tionscadal a sheoladh chuig ciste@forasnagaeilge.ie.

Faoi Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta
Dáiltear maoiniú Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta faoi dhá chatagóir le cur i dtreo cúrsaí in 2021:

Catagóir Eagraíocht
Scoláirí faoi ocht déag ó thuaidh amháin Conradh na Gaeilge
Gael Linn
Daoine fásta, dírithe ar dhaoine fásta ó thuaidh agus ó dheas Gael Linn

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Conradh na Gaeilge agus Gael Linn le fiosruithe maidir leis na scoláireachtaí do na catagóirí thuas.

Breis eolais ar ríomhphost: ciste@forasnagaeilge.ie