Cainteoirí na dteangacha Gaelacha ag teacht le chéile chun Colmcille 1500 a cheiliúradh

Dé Luain an 7 Nollaig 2020 cuirfear tús le Colmcille 1500, ceiliúradh cuimhneacháin ar feadh bliana ar 1500 ó rugadh Naomh Colm Cille agus ar a oidhreacht. Tosóidh agus críochnóidh an bhliain ar an 7 Nollaig, breithlá traidisiúnta an naoimh.

Tá Colmcille 1500 á urrú agus á éascú ag an gclár comhpháirtíochta Colmcille atá á reáchtáil ag Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge, ag nascadh pobail Ghaeilge agus pobail Ghaeilge na hAlban.

Rinne pobail na mainistreacha a bhunaigh Colm Cille caidreamh trí na céadta le réimse leathan pobal in Éirinn agus in Albain agus i dtuaisceart Shasana, agus níos faide i gcéin, isteach i mór-roinn na hEorpa. Déanfaidh pobail agus eagraíochtaí ilghnéitheacha an bhliain a cheiliúradh ar a lán dóigheanna. Díreoidh cuid acu ar oidhreacht spioradálta agus reiligiúnach an naoimh; beidh spéis ag cuid acu i ngné na staire agus na seandálaíochta; agus déanfaidh cuid eile ceiliúradh ar na naisc theanga agus chultúrtha idir na Gaeil ar fud na cruinne.

Beidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge ag díriú ar na naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir náisiúin, le réimse leathan imeachtaí pleanáilte do sheachtain na lainseála, lena n-áirítear:

  • Comhroinnfear sraith de theachtaireachtaí físeáin ó dhaoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí ag ceiliúradh Cholmcille 1500, ar leathanach Facebook Cholmcille agus ar www.colmcille.net.
  • Beidh céilí ar líne ar siúl ar leathanach Facebook Cholmcille leis an dá theanga, ceol agus cultúr a cheiliúradh agus a thaispeáint.
  • Lainseálfaidh Bòrd na Gàidhlig a gciste Cholmcille. Is ciste bliantúil é seo atá oscailte do chách agus a thacaíonn le tionscadail a fhéachann le naisc a neartú idir cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann in Albain agus in Éirinn.

Arsa Shona NicIllInnein, Príomhfheidhmeannach Bòrd na Gàidhlig, “Mhúnlaigh Naomh Colm Cille agus a oidhreacht teanga, cultúr agus stair na hAlban agus na hÉireann agus, mar sin, is deis í an bhliain na naisc idir an dá thír a neartú. Táimid ag súil le níos mó imeachtaí tríd an mbliain, le mórócáid beartaithe timpeall ar Fhéile Naomh Colmcille ar an 9 Meitheamh 2021.  Molaim do gach duine páirt a ghlacadh iontu seo agus ceiliúradh bealach ar bith is féidir leo.

I measc na n-imeachtaí beartaithe do bhliain Cholmcille 1500 tá na nithe seo a leanas:

  • Cruthóidh Seóthaispeántas Alban (Showcase Scotland) físeán gairid bolscaireachta faoi Ghaeilge na hAlban in Albain, le maoiniú ó Bòrd na Gàidhlig. Beidh sé seo dírithe ar thionscnóirí féilte agus imeachtaí cultúrtha ón iasacht. Beidh fáiltiú agus cur i láthair ar líne ann chomh maith (cosúil le Seóthaispeántas beo Ghaeilge na hAlban a bhíodh ann blianta roimhe seo).
  • Spreagfaidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge Gaelscoileanna nascadh trí thionscadail ó dhá thaobh Shruth na Maoile.
  • Tá Bòrd na Gàidhlig i mbun caibidle le comhpháirtithe soláthair le hacmhainn nua ar líne a chruthú do scoileanna a mhúinfidh bun-nathanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge le go mbeidh páistí (agus daoine fásta) in ann nascadh le chéile sa teanga.
  • I rith na bliana, déanfaidh CHARTS, an eagraíocht a phléann le cultúr & oidhreacht na hAlban, atá lonnaithe in Earra-Ghàidheal, buaiteoirí a scéime míosúla dámhachtana ealaíon agus taispeántas ar líne a fhógairt, le haird a tharraingt ar ealaíontóirí Gaelacha agus le tacú leo. Beidh seo ag teacht le téamaí a bhaineann le Colm Cille: https://www.chartsargyllandisles.org/.

Arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Leis an oiread sin béime ar fud na cruinne ar na rudaí a scarann muid, bheir an ceiliúradh ar oidhreacht Cholmcille in 2021 deis dúinn, deis a bhfuil fáilte roimpi, ceiliúradh a dhéanamh ar naisc chomónta theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain, agus Éire thuaidh agus theas. Mar gheall ar an chuimhneachán atá beartaithe do 2021 beidh muid ábalta fosta lorg Cholm Cille a leanúint agus a oidhreacht theangeolaíochta agus chultúrtha a cheiliúradh níos faide i gcéin ná na hoileáin seo.

“Tá mé ag súil le comhpháirtíochtaí úra idir scoileanna, le teagmhálacha úra idir gach glúin, le heolas nua a theacht chun solais fá oidhreacht Cholm Cille, agus le hoidhreacht sin na hathbheochana breise i bpobail áitiúla a úsáid.”

Chomh maith leis na scéimeanna bliantúla a chothaíonn naisc idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban, tá súil ag Foras na Gaeilge clár nua maoinithe a fhógairt go luath le feasacht a ardú ar Cholm Cille agus a ndearna sé ar mhaithe le naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain.

Eolas d’eagarthóirí:

Bhunaigh Colm Cille (Columba an leagan Laidine) mainistir Oileán Í, agus mainistreacha i nDoire, i nDarú in Uíbh Fhailí agus i Lindisfarne i dtuaisceart Shasana, cuid de theaghlach de phobail mainistreacha. Is féidir a n-oidhreacht a fheiceáil sna nithe seo a leanas:

  • Buntús na scríbhneoireachta agus na litearthachta, lena n-áirítear an lámhscríbhinn is sine in Éirinn, an Cathach
  • Na taifid scríofa is luaithe, na hannála, agus mar sin tús na staire taifeadta in Éirinn agus in Albain
  • Mórshaothair ealaíne reiligiúnaí, is é sin na soiscéil mhaisithe, Leabhair Cheanannais, Leabhar Lindisfarne agus Leabhar Dharú
  • Na chéad ardchrosa fáinneacha, atá ina siombail anois d’Éirinn agus den Chríostaíocht Cheilteach
  • Nuálaíocht sa taidhleoireacht, lena n-áirítear Cáin Adhamhnáin 697AD, macasamhail luath de Choinbhinsiún na Ginéive, a thug cosaint do mhná agus leanaí in am cogaidh agus a ndearna ríthe agus cléirigh ó Éirinn, Albain agus tuaisceart Shasana a dhaingniú.

Tabhair cuairt ar www.colmcille.net le haghaidh sonraí imeachtaí.

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #Colmcille1500 agus #Colmcille agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Cholmcille ar líne. Lean sinn ar Instagram @Colmcille agus tabhair ordóg do @Colmcille1500 chun an scéal is déanaí a fháil ar ár nuacht go léir.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie