Concise English-Irish Dictionary Fhoras na Gaeilge foilsithe

Banana bread, selfies agus social distancing: an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le seasca bliain anuas foilsithe

Youtube: http://bit.ly/ConciseEnglishIrishDictionary

In ócáid ar líne inniu, Dé hAoine, ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge, seolfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Concise English-Irish Dictionary go hoifigiúil.

In éineacht linn ag an ócáid beidh daoine mór le rá amhail Dara Ó Briain, Micheál Ó Muircheartaigh, Mary McAleese agus go leor eile. Roinnfidh siad linn a gcuid taithí leis an nGaeilge agus an dáimh atá acu leis an teanga náisiúnta.

San fhoclóir nua tá 1,800 leathanach, breis is 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1.8 milliún focal i mBéarla agus i nGaeilge na linne seo. Foras na Gaeilge a d’fhoilsigh an foclóir, an chéad cheann Béarla-Gaeilge dá leithéid a foilsíodh le breis is seasca bliain anuas (ó foilsíodh English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe in 1959). Bunaíodh na hiontrálacha ar an ábhar atá ar shuíomh mór-ráchairte an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie, a mbíonn breis is dhá mhilliún duine in aghaidh na bliana á úsáid.

Sprioc an tionscadail ná foclóir cuimsitheach nua-aimseartha a tháirgeadh ina mbeadh:

  • cumhdach cuimsitheach ar Ghaeilge agus ar Bhéarla na linne seo mar a labhraítear in Éirinn iad;
  • cumhdach cothrom ar phríomhchanúintí na Gaeilge; réimse leathan teanga ón gcuid is teicniúla go dtí an réim is neamhfhoirmeálta

Agus é ag caint faoi sheoladh an fhoclóra, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Ba mhór an phribhléid dom suíomh an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge a sheoladh in 2013 agus tá ríméad orm a bheith in ann an chéim dheireanach den tionscadal, an Concise English-Irish Dictionary, a cheiliúradh inniu. Is cloch eile é an foclóir seo ar charn mór na bhfoclóirí Gaeilge in Éirinn, foclóir atá anois ann in éineacht le cinn a chuir Niall Ó Dónaill, Tomás de Bhaldraithe agus Pádraig Ó Duinnín in eagar.

“Uirlis thábhachtach do phobal teanga é aon fhoclóir. Cuireann foclóirí ar chumas an phobail teanga iad féin a chur in iúl go muiníneach agus go héifeachtach ina dteanga féin. Caomhnaíonn siad saibhreas na teanga mar a labhraítear sna pobail teanga í.

“Déanaim comhghairdeas le Foras na Gaeilge, le foireann an fhoclóra agus le gach duine a raibh baint aige leis an éacht stairiúil seo.”

Arsa Príomheagarthóir an Fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin:

“Tugtar tús áite don teanga bheo, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, rud a thugann foclóireacht na Gaeilge isteach sa tríú mílaois. Clúdaítear gach uile leibhéal d’úsáid na teanga, ón réim fhoirmeálta go dtí an chuid is neamhfhoirmeálta, ón fhocal scríofa go dtí an focal labhartha. Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar líne ó 2013 agus tá breis is dhá mhilliún duine ag tarraingt ar an suíomh gach bliain as gach cearn den domhan.

“Nuair a cuireadh críoch leis an leagan ar líne, cuireadh tús le táirgeadh an leagain chlóite. Chun foclóir aon imleabhair a tháirgeadh, ba ghá níos mó ná aon trian den fhoclóir ar líne (ina bhfuil 48k iontráil agus 145k aonad céille) a fhágáil ar lár, agus ba ghá eagarthóireacht agus athfhormáidiú suntasach a dhéanamh ar an chuid eile. Is mór an sásamh dúinn an foclóir a bheith foilsithe agus an deis seo a bheith againn é a sheoladh in éineacht leis an Uachtarán inniu.”

Iontrálacha agus Aistriúcháin Spéisiúla

Seo thíos roinnt iontrálacha suimiúla atá san fhoclóir nua, cuid acu atá tagtha i dtreis le linn phaindéim an choróinvíris:

  • home officeoifig bhaile
  • fake news - bréagnuacht
  • selfieféinín
  • he’s a savage playeris imreoir den scoth é
  • banana breadarán banana
  • social distancingscaradh sóisialta
  • pandemicpaindéim
  • coronaviruscoróinvíreas
  • cyberbullying – cibearbhulaíocht
  • online banking – baincéireacht ar líne
  • BrexitBreatimeacht
  • the latest political wranglean t-aighneas polaitiúil is déanaí
  • to make a hames of something praiseach a dhéanamh de rud
  • it’s at your own riskar do phriacal féin atá sé
  • it was nothing to write home aboutbhí sé cuibheasach gan a bheith maíteach
  • I wouldn’t hold it against herní bheinn anuas uirthi mar gheall air
  • to make a laughing stock of somebodyceap magaidh a dhéanamh de dhuine
  • to rest on your laurelsdo mhaidí a ligean le sruth

Tá forlíonadh mór teanga agus gramadaí san fhoclóir chomh maith, áit a bhfuil aistí agus táblaí a chlúdaíonn cúrsaí stíle, aistriúcháin agus gramadaí. Tá sé ar díol i siopaí leabhar agus ar líne anois. An PMM atá air ná €30/£25.

Teagmháil: chun agallaimh a eagrú nó chun tuilleadh íomhánna a fháil, déan teagmháil le

Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge

Rphost: CBreathnach@forasnagaeilge.ie

Loretta Ní Ghabháin, Lorg Media, Baile Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Fón: 087 799 7981 | Rphost: loretta@lorgmedia.com