Conradh Seirbhíse Colmcille

Conradh Seirbhíse: Comhordaitheoir ar chomóradh Cholmcille 1500

Is mian le Foras na Gaeilge conradh seirbhíse a dhéanamh le duine a bheidh ina chomhordaitheoir ar chlár comórtha do Cholmcille 1500, comóradh ar 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille. Tá an tionscnamh seo á pháirtmhaoiniú ag an gCrannchur Náisiúnta na hÉireann agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Mairfidh téarma an chonartha ó Iúil 2021 go dtí Meitheamh 2022. Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh síniú ar an gconradh (suas go sé mhí), ag brath ar riachtanais.

Baineann an conradh seo le clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge, clár a nascann Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban, a ardaíonn feasacht orthu agus a chuireann caidreamh idir lucht a labhartha chun cinn.

Beidh an conraitheoir ag obair i gcomhar le foireann Cholmcille agus beidh sé freagrach as:

  • Cur i bhfeidhm agus bainistiú coimisiún, tionscadal agus imeachtaí atá mar chuid de chlár comórtha Cholmcille 1500
  • Caidreamh le comhpháirtithe ar leith taobh istigh agus taobh amuigh d’Fhoras na Gaeilge (forbairt agus bainistiú)
  • Poiblíocht ar na meáin shóisialta
  • Riar scéime deontais a bhaineann le Colmcille 1500

Is féidir teacht ar gach eolas faoin gconradh seirbhíse ANSEO