Creidim Ionat seolta!

Creidim Ionat

Pearsana aitheanta ag tacú le feachtas nua le húsáid na Gaeilge a spreagadh i saol an uile lae. Tá bród ar Fhoras na Gaeilge agus ar RTÉ Creidim Ionat a chur i láthair, tionscnamh nuálach agus comhoibríoch ar líne, a bhfuil d’aidhm leis feasacht fhorleathan a chothú ar an nGaeilge agus a húsáid laethúil a chur chun cinn.

Maidir leis an bhFeachtas

Creidim Ionat Mentors

Tá Creidim Ionat, tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge, ag iarraidh ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge páirtnéir a roghnú agus sprioc a shocrú. Táthar ag súil leis go mbeidh cainteoirí Gaeilge ag déanamh teagmhála le duine atá ar a n-aithne le cabhrú leo ar a n-aistear Gaeilge. Chomh maith, is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh dul i ngleic, nó dul ar ais i ngleic leis an nGaeilge páirtnéir líofa a roghnú, bíodh sin trí na meáin shóisialta nó duine le duine, chun tosú ar a n-aistear leis an nGaeilge gach lá. D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt frásaí nua a úsáid, amhrán as Gaeilge a fhoghlaim nó leabhar Gaeilge a léamh. Deir Foras na Gaeilge: Má tá Gaeilge agat, smaoinigh ar thú féin a chur chun tosaigh mar mheantóir ar na meáin shóisialta chun tacú le meantaí sprioc theanga a bhaint amach.

Creidim Ionat ar RTÉ


Creidim Ionat (I believe in you) is a mentor-led campaign, and the RTÉ strand will be anchored by RTÉ Beo ar Éigean hosts, Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin and Siún Ní Dhuinn.

Tá Creidim Ionat, tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge, ag iarraidh ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge páirtnéir a roghnú agus sprioc a shocrú. Táthar ag súil leis go mbeidh cainteoirí Gaeilge ag déanamh teagmhála le duine atá ar a n-aithne le cabhrú leo ar a n-aistear Gaeilge. Chomh maith, is féidir le duine ar bith atá ag iarraidh dul i ngleic, nó dul ar ais i ngleic leis an nGaeilge páirtnéir líofa a roghnú, bíodh sin trí na meáin shóisialta nó duine le duine, chun tosú ar a n-aistear leis an nGaeilge gach lá. D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt frásaí nua a úsáid, amhrán as Gaeilge a fhoghlaim nó leabhar Gaeilge a léamh. Deir Foras na Gaeilge: Má tá Gaeilge agat, smaoinigh ar thú féin a chur chun tosaigh mar mheantóir ar na meáin shóisialta chun tacú le meantaí sprioc theanga a bhaint amach.

Is feachtas é Creidim Ionat faoi stiúir meantóirí, agus beidh an snáithe a bhaineann le RTÉ á chur i láthair ag láithreoirí Beo ar Éigean ar RTÉ, Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn.

Beidh gach meantóir de chuid RTÉ ag cóitseáil duine de thriúr pearsana aitheanta: Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrissey (láithreoir agus tráchtaire de chuid RTÉ) agus Marissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty), chun sprioc theanga phearsanta a bhaint amach.

Beidh láithreoir Beo ar Éigean RTÉ, Sinéad Ní Uallacháin ag déanamh meantóireachta ar Marty Morrissey, ag cabhrú leis an líofacht a fháil atá uaidh le ceann de dhuaiseanna peile Uile-Réalta CLG-CIG a chur i láthair as Gaeilge. Beidh láithreoir RTÉ, RnaG agus Beo ar Éigean Áine Ní Bhreisleáin ag déanamh meantóireachta ar Michael Fry chun cabhrú leis sprioc atá aige le fada sceitse grinn ar líne a dhéanamh as Gaeilge. Ar deireadh, beidh Siún Ní Dhuinn ag déanamh meantóireachta ar Marissa Carter chun rang teagaisc smididh a dhéanamh as Gaeilge beo ar theilifís RTÉ 1 ar chlár Today. Beidh an pobal ag leanúint a n-aistear ar líne a fhad is a bheidh meantóirí Beo ar Éigean ag treorú a gcuid meantaithe go dtí a sprioc Ghaeilge.

Arsa Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Gaeilge:

“Tá an-bhród ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a bheith acu ó RTÉ agus ó chraoltóirí/meantóirí Beo ar Éigean RTÉ, Áine, Sinéad agus Siún. Is ionann meanaithe Creidim Ionat, Michael agus Marrisa, agus a lán againn a raibh Gaeilge líofa acu ag pointe éigin sa saol, ach atá ag iarraidh muinín a fháil ar ais, agus is ionann Marty agus daoine ar mhaith leo go díreach roinnt Gaeilge a úsáid i saol an uile lae. Creidimid go rachaidh a gcuid spriocanna agus a n-aistir i bhfeidhm ar dhaoine agus sinn ag cur ar fáil na treorach agus na n-uirlisí chun cabhrú leo ar an mbealach. Ina measc, beidh ócáidí sóisialta Gaeilge a mbíonn tarraingt mhór orthu, lena n-áirítear Pop-Up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath agus mórfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna a bheidh á reáchtáil i gCill Airne i mí na Samhna. Táimid ag súil lenár saibhreas acmhainní, uirlisí ar líne, tacaíochtaí agus leideanna praiticiúla a roinnt le duine ar bith atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid.”

Deir Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí na Gaeilge, RTÉ:

“Deir Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ, Niamh Ní Churnáin: “Tuigeann daoine a chaitheann an saol trí mheán na Gaeilge gur mhaith le sciar mhaith den phobal i gcoitinne Gaeilge a úsáid agus a shníomh isteach ina saol laethúil. Is sprioc í seo a dtugaimid tacaíocht mhór di in RTÉ agus tá an sprioc chéanna ag an bhfeachtas seo. Deis iontach a bheidh ann do chainteoirí Gaeilge iad féin a chur in iúl lena líofacht a scaipeadh,
agus gheobhaidh daoine atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid gach lá spreagadh ó na cainteoirí líofa agus a n-aistear Gaeilge á atosú acu. Molaim d’aon duine, lucht líofa, tosaitheoirí nó iad siúd atá ag filleadh ar an nGaeilge, clárú anois le www.forasnagaeilge.ie, agus tús a chur leis an aistear. Más mian leat níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá, is duitse ‘Creidim Ionat’.”

Lean #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus d’aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.

Cláraigh anois ag www.forasnagaeilge.ie le haghaidh ár nuachtlitreach ionas gur féidir linn tacú leat ar d’aistear le nuacht, leideanna agus acmhainní (agus le ceann dár málaí féiríní Creidim Ionat a bhuachan!)