Cúig Seachtaine de Champaí Samhraidh le Craoladh sa tSraith Nua Campaí Cúla4

Tá an-áthas ar Fhoras na Gaeilge a bheith ag tacú le sraith nua clár ar TG4 dírithe ar dhaoine óga – Campaí Cúla4. Líonfaidh na cláracha seo bearna do dhaoine óga nach bhfaighidh deis freastal ar champa samhraidh i mbliana mar gheall ar phaindéim Covid-19. Tosóidh na cláracha ag craoladh ar an 29 Meitheamh, ag leanúint ar feadh 5 seachtaine (Luan – Aoine ag 10 a.m.). Beidh téama éagsúil gach seachtain agus príomh láithreoir amháin luaite le gach téama acu.  Maraon leis sin beidh aíonna eile ag glacadh páirt sna cláracha ó réimse ceantair agus canúintí éagsúla.

  • Campa a hAon - Na hEalaíona Traidisiúnta.  Láithreoir:  Orla Ní Fhinneadha  
  • Campa a Dó - Bia, Folláine & An Nádúr - Diarmuid Ó Mathúna
  • Campa a Trí: An Teicneolaíocht & an Chruthaitheacht (STEAM) – Jules Ní Chonchubhair ó Techspace
  • Campa a Ceathair - Spórt & Aclaíocht - Máire Treasa Ní Dhubhghaill
  • Campa a Cúig - Na Meáin Chumarsáide (teilifís, raidio, podchraoltaí, vlogáil, scríbhneoireacht) – Caitlín Nic Aoidh​

https://www.tg4.ie/ga/eolas/preas/nuacht-raitis/2020-2/cuig-seachtaine-de-champai-samhraidh-le-craoladh-sa-tsraith-nua-campai-cula4/