Cuireadh chun tairisceana

Cuireadh chun tairisceana

Tá Foras na Gaeilge ar lorg iarratas ó dhaoine aonair nó ó chomhlachtaí chun taighde a chur i gcrích agus comhairle a chur ar fáil ar cheist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

1.1    Réamhrá

Ar na freagrachtaí atá ar Fhoras na Gaeilge luaitear tacú le foilsitheoirí Gaeilge chun soláthar léitheoireachta ar ard-chaighdeán i nGaeilge a chinntiú do léitheoirí Gaeilge. Déantar sin trí thacaíocht maoinithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí trí Scéim na Foilsitheoireachta. Cuirtear thart ar €640,000 de thacaíocht mhaoinithe  ar fáil go bliantúil do 12-14 fhoilsitheoir Gaeilge.

Fiontair bheaga is ea cuid mhaith de na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge.  As tionscnaimh teaghlaigh a d’fhás cuid acu. Foilsíonn siad réimse leathan leabhar, idir leabhair le haghaidh páistí óga, daoine fásta agus déagóirí. Bíonn meascán de sheanraí i gceist idir leabhair ficsin, chnuasaigh filíochta agus leabhair neamhfhiscin. Foilsíonn cuid de na foilsitheoirí líon beag (3-4) leabhar sa bhliain, agus foilsíonn na comhlachtaí is mó acu idir 15 agus 35 leabhar in aghaidh na bliana.

Tá teach foilsitheoireachta ag Foras na Gaeilge féin, an Gúm, a fhoilsíonn raon leathan d’acmhainní oideachais.

Le blianta beaga anuas, tháinig deireadh le roinnt comhlachtaí foilsitheoireachta, agus tá Foras na Gaeilge imníoch faoi leas fadtéarmach na hearnála sa tréimhse 20 bliain atá amach romhainn.

1.2    Scóip na hoibre

Is mian le Foras na Gaeilge comhairle a choimisiúnú ar leas fadtéarmach na foilsitheoireachta Gaeilge, ar cheist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, ar na rioscaí a bhaineann leis an gceist, ar na comharthaí contúirte ba chóir bheith airdeallach ina leith, ar na bearta maolaithe ba chóir cur in áit le bainistiú ciallmhar a dhéanamh air, agus ar bhealaí le leas fadtéarmach na foilsitheoireachta i nGaeilge a láidriú agus a chinntiú. Ba ghá díriú go speisialta ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cad é an staid reatha maidir le ceist na comharbachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge?
  • Cad iad na rioscaí is mó atá roimh an earnáil?
  • Cad iad na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim ó earnálacha gnó eile atá cosúil le hearnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ó thaobh méide, láimhdeachais, líon na bhfostaithe, caidreamh leis an stát agus a leithéid?
  • Moltaí i leith bearta maolaithe a d’fhéadfaí a fhorbairt (i) do na foilsitheoirí féin, (ii) d’Fhoras na Gaeilge, agus (iii) aon mholtaí eile.

Beidh ar an duine a bheidh ag tabhairt faoin taighde bheith ag obair i ndlúthchomhar le foireann Fhoras na Gaeilge maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara
  • Ceistneoirí a dhréachtú
  • Modhanna oibre
  • Tuairisciú.

Moltar tréimhse c. 4 seachtaine a ghlacadh leis an obair a chur i gcrích. Samhlaítear go bhféadfadh an t-iarrthóir ráthúil comhairle a fháil iad feín ó chomhairleoir gairmiúil seachtrach agus iad ag cur na hoibre i gcrích. Bheadh an costas seo le clúdach mar chuid den tsuim thíos.  Caithfear gach tuairisc agus moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge faoin 14 Nollaig,  2018.  Tá suim nach mó ná €7,000, (CBL san áireamh) ar fáil.  Ní mór d’iarrthóirí sceideal costas a chur ar fáil mar chuid den tairiscint.

1.3    Ní mór na réimsí seo a leanas a chlúdach sa tairiscint:

  • Cáilíochtaí, saineolas, taithí, agus scileanna na ndaoine a bheidh páirteach i ngach gné den taighde
  • Cumas Gaeilge, idir Ghaeilge labhartha agus scríofa, na ndaoine a bheidh páirteach san obair cé nach critéar riachtanach é seo
  • Ní mór aon choimhlint leasa fhéideartha a chlárú go hoscailte
  • An cur chuige a mholtar chun tabhairt faoin taighde
  • Cur síos ar an gcur chuige a mholtar don tuairisciú agus ar an gcaoi a riarfar cumarsáid idir an t-iarrthóir agus Foras na Gaeilge, agus aon phointí eile a mheastar a chuirfeadh le luach an iarratais
  • Na táscairí a bheidh in úsáid agus luacháil a dhéanamh ar an taighde féin ag deireadh an tionscadail.
  • Na príomhchéimeanna a shamhlaítear leis an obair
  • Plean tionscadail a ullmhú agus a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, agus aiseolas a fháil ina leith
  • Dréacht luath d’aon cheistneoir a bheidh in úsáid, agus den tuairisc féin a chur ar fáil agus aiseolas a fháil ina leith ó Fhoras na Gaeilge
  • An taighde riachtanach a chur i gcrích
  • Tuairisc scríofa dheiridh a sholáthar d’Fhoras na Gaeilge bunaithe ar thorthaí an taighde
  • Moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ar bhearta maolaithe agus a bheidh chun leasa earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge sna blianta amach romhainn
  • Moltaí a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ar bhealaí leis an earnáil a láidriú agus/nó le foilsitheoireacht i nGaeilge a chinntiú san fhadtéarma
  • Moltaí a chur ar fáil faoi obair nó faoi thaighde ar bith eile ba chóir a dhéanamh ar shaincheist na comharbachta nó ar aon ábhar gaolmhar.

1.5  Eolas eile

Iarrtar ar iarratasóirí sceideal costas a chur ar fáil mar chuid den iarratas a léiríonn na nithe seo a leanas:

  • Sceideal ama agus oibre measta
  • Líon laethanta measta móide ráta laethúil
  • An táille chun tabhairt faoin tionscadal (aon chomhairle bhreise sheachtrach san áireamh)
  • An CBL leis an táille seo
  • Costais taistil & chothabhála 

1.6 Critéir mheasúnaithe

Déanfar measúnú ar iarrthóirí de réir na gcritéar measúnaithe thíos:  

 

 

 

 

Critéir mheasúnaithe

 

Céatadán (%)

1.       

Modheolaíocht chun an taighde a dhéanamh

30

2.       

Cumas an iarrthóra chun tabhairt faoi thionscadail oibre den chineál seo laistigh de théarmaí conartha.

20

3.       

Costas agus luach ar airgead

10

4.       

Tuairisceoireacht – tuiscint agus taithí ar riachtanais tuairisceoireachta.

10

5.       

Modhanna le haghaidh cumarsáid agus idirghabháil idir páirtithe ábhartha.

10

6.       

Taithí agus saineolas ábhartha na mball foirne a ainmnítear sa tairiscint

10

7.       

Cumas an iarrthóra tabhairt faoin tionscadal trí mheán na Gaeilge.

10

 

Ní bhronnfaidh Foras na Gaeilge aon chonradh mura bhfuil iarrthóir ar bith incháilithe de réir na gcritéar thuas. 

1.7 Sprioc

Is gá na tairiscintí a chur chuig  leabhar@forasnagaeilge.ie   faoin 12 meánlae ar an 14 Samhain,, 2018. Ar ríomhphost amháin a ghlacfar le tairiscintí.