Dán an Domhnaigh #LeChéile: Aubade, le Simon Ó Faoláin

Scríobh Simon Ó Faoláin an dán seo; “Aubade”. Ba mhaith linn é a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. #LeChéile

Focail Faoin Dán:

Is iomaí rud maith a bhaineann le leanbh a bheith agat dar ndóigh. Ach ceann acu seo nach labhraítear faoi rómhinic ná an dualgas a chruthaíonn sé duit mar thuismitheoir brú ar aghaidh le gnáthchúrsaí an tsaoil i gcónaí. Is cuma an bhfuil nó nach bhfuil fonn ort, is cuma an mbraitheann tú ábalta nó nach mbraitheann tú; tá ort mar nach dtéann an scéal chomh fada leat féin a thuilleadh, nó ní tusa is tábhachtaí níos mó. Agus sinn go doimhin in umar na haimléise le linn na géarchéime eacnamaíche deireanaí a scríobhas an dán seo. Seo chughainn tráth cruaidh arís, ach beidh na leanaí ann dúinn fós.

Foinse: Focail agus dán le Simon Ó Faoláin

Aubade

‘Oscail na cuirtíní!’

A dúirt an páiste óg

Is dúirt sé é le húdarás

Óir tá an mhaidin riamh

I seilbh chóir na leanaí

 

‘Oscail na cuirtíní!’

A ordaíodh dom arís

Is déanfad amhlaidh

 

Go gcománfaidh an ghrian

Dorchadas an domhain

Isteach im’ scáth taobh thiar díom,

Óir b’fhada liomsa gruaim na hoíche aréir

 

Oscail iad

Mar chuirtíní

Go gcífimid

Stail na beatha

Ina steille-bheatha

Ag stealladh beatha

 

Sea, oscail iad,

Óir is oidhreacht gharsúin óig an solas,

’Gus riail an tsaoil go n-aimseoidh sé a ghnúis,

Ach ní dhéanfad é gan fhríd an leithlis,

Óir ní lú an gá atá agamsa leis.

 

Simon Ó Faoláin

Rugadh Simon Ó Faoláin i mBaile Átha Cliath agus tógadh é in Iarthar Dhuibhneach. Dhein sé staidéar ar an tseandálaíocht agus chaith sé blianta fada ag obair sna hearnálacha tráchtála agus acadúla, é ina údar nó chomhúdar ar roinnt leabhar acadúil. Is scríbhneoir agus aistritheoir Gaeilge lánaimseartha é anois. Tá trí leabhar filíochta foilsithe go dtí seo aige: Anam Madra (2008), As Gaineamh (2011) agus Fé Sholas Luaineach (2014), iad go léir le Coiscéim, chomh maith le leabhrán maisithe, Baile do Bhí (Púca Press 2014). Scríobhann sé drámaí, prós gearr agus ábhar critice chomh maith. I measc na ngradam atá buaite aige dá chuid scríbhneoireachta tá Duais Glen Dimplex, Duais Strong, Duais Uaitéir Uí Mhaicín, Duais Cholm Cille (fé dhó) agus Duais Fhoras na Gaeilge (ceithre bhabhta). Tá cuid mhaith spáránachtaí bronnta air ag an gComhairle Ealaíon agus eagrais eile. An leabhar is déanaí uaidh ná An Corrmhíol, aistriúchán go Gaeilge na hÉireann ar an dán fada i nGaeilge na hAlban A' Mheanbhchuileag le Fearghas MacFionnlaigh. Tá sé ina stiúrthóir ar an bhFéile Bheag Filíochta, féile dhátheangach ealaíon bhliantúil ar an mBuailtín, Ciarraí Thiar.