Dán an Domhnaigh #LeChéile: Do Chailín Óg, le Caitríona Ní Chléirchín

Scríobh Caitríona Ní Chléirchín an dán seo; “Do Chailín Óg ”. Ba mhaith linn é a roinnt libh mar chuid den tsraith “Dán an Domhnaigh”. #LeChéile

Olann
Do chailín óg a fuair bás (c.1848)

Ar do bhealach chun an aonaigh i gClochar
chun olann a dhíol, a bhí tú, ag tionlacan d’athar
nuair a thit tú i laige le hocras sa phortach
amuigh ar Shliabh Bheatha aimsir an drochshaoil.

D’imigh d’athair le cabhair a fháil duit
ach nuair a d’fhill sé, bhí an t-anam imithe
as do cholainn bheag thanaí
is lena mhéara, dhún sé do dhá shúil.

Caitríona Ní Chléirchín

D’fhás Caitríona Ní Chléirchín aníos i nGort na Móna, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin.

Tá trí leabhar filíochta foilsithe aici. Bhuaigh a céad chnuasach Crithloinnir duais an Oireachtais don scríbhneoir úr in 2010 agus bhuaigh a dara cnuasach An Bhrídeach Sí (2014) duais Michael Hartnett in 2015.

Dar le moltóirí an ghradaim sin tá a cuid filíochta ‘powerful, courageous, sassy and important…Her mastery of Irish and sense of being at home in tradition and modernity is evident in poems set in the 17th century, poems framed by Gaelic mythology... The poems are full of passion.’

D’fhoilisigh The Gallery Press cnuasach nua léi The Talk of the Town le haistriúcháin ó Peter Fallon le déanaí. Is critic í chomh maith agus léachtóir Gaeilge í in DCU.

Scríobh sí an dán Do Chailín Óg faoi chailín óg a fuair bás amuigh ar Shliabh Bheatha ar an teorainn idir Fear Manach, Muineacháin agus Tír Eoghain aimsir an drochshaoil.