Déanann Foras na Gaeilge comóradh ar Cholmcille 1500

Déanann Foras na Gaeilge comóradh ar Cholmcille 1500

Is é an 9 Meitheamh lá fhéile Naomh Colm Cille, nó Columba, ar athraigh a shaol agus a mhainistir ar Oileán Í stair na hÉireann, na hAlban agus thuaisceart Shasana. Tá féile na bliana seo mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1500 bliain ó bhreith an naoimh i nGartán, Co. Dhún na nGall.

Is tionscnamh é Slí Cholmcille lena nasctar láithreacha a bhfuil baint acu le Naomh Colm Cille agus a lucht leanúna. I mí an Mheithimh seolfar suíomh athdheartha do Shlí Cholmcille, www.colmcille.org. Ar an suíomh trítheangach tá léarscáileanna idirghníomhacha, ábhar físe nuálach agus faisnéis ar chonairí trí Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Béarla. 

Choimisiúnaigh Colmcille Ligid Léiriúcháin le Sonia Nic Giolla Easpaig chun ábhar físe a léiriú, a thaispeánfar den chéad uair freisin le linn mhí an Mheithimh. Beidh scéalaíocht Ghearóidín Bhreathnach ann freisin, agus forbhreathnú ar shaol agus ar oidhreacht Naomh Colm Cille, ina mbeidh radhairc ar láithreacha a bhaineann le Colm Cille in Éirinn agus in Albain, agus agallaimh leis an staraí Brian Lacey.

Tionóladh roinnt imeachtaí mar chuid de Cholmcille 1500 i Meitheamh, lena n-áirítear:

  • Comhdháil Mheiriceánach 2021 le haghaidh an Léinn Éireannaigh (ACIS), a tionóladh an 2-5 Meitheamh 2021, ó champas Mhig Aoidh de chuid Ollscoil Uladh. I measc na n-imeachtaí a craoladh beo don phobal bhí spreagaitheasc Of Heritage, Home and Healing le Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, a phléigh tábhacht Naomh Colm Cille agus a oidhreacht.
  • Bhí A discussion on An Cathach, an lámhscríbhinn is sine in Éirinn, ar scríobh Colm Cille í, a deirtear, ar siúl ar an 2 Meitheamh. I measc rannpháirtithe an phainéil bhí an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Ollscoil na hÉireann Corcaigh, an Dr Marie O’Brien, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Maigh Nuad.
  • Adomnán, Adhamhnán, Eunan: Seoladh Life and afterlife of a Donegal Saint leis an Dr Brian Lacey Dé hAoine an 4 Meitheamh. Comharba le Colm Cille mar Ab Í ab ea Naomh Adhamhnán agus ba phearsa tábhachtach é san eaglais sa mheánaois san Eoraip. Ag an seoladh rinne painéal de dhaoine mór le rá plé, ar a raibh an tOllamh Nollaig Ó Muraíle agus an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha.
  • Chuir COLMCILLE 1500 de chuid Dheoise Rath Bhoth i láthair Colmcille: A Lasting Legacy, sraith fhíorúil ar shaol agus ar oidhreacht Cholm Cille, trí YouTube. Sa tsraith tá ionchur ón Easpag Alan McGuckian CÍ agus an tUrramach David Houlton, Reachtaire Ghartáin, chomh maith le staraithe, lucht léinn, agus saineolaithe eile ar Cholm Cille.
  • I measc na n-imeachtaí i nDoire bhí Glóir-Réim Cholm Cille dar teideal Columba: a Triptych ag Teampall Naomh Agaistín, Eaglais na hÉireann. Bhí trí chuid ann, ag insint na scéalta faoi thaibhreamh a mháthar, an cath a thosaigh a dhaoine muinteartha thar a cheann agus a aithreachas sa deireadh.

Tá an méid seo a leanas i measc réimse leathan d’imeachtaí atá beartaithe don chuid eile de 2021:

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #Colmcille1500 agus #Colmcille agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Cholmcille ar líne. Lean sinn ar Instagram @Colmcille agus tabhair ordóg do @Colmcille1500 chun an scéal is déanaí a fháil ar ár nuacht go léir.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí a bheidh á reáchtáil in Éirinn agus Albain ar fáil ag https://colmcille.net/colmcille-1500-events/

Tá tuilleadh eolais faoi chomhpháirtíocht Cholmcille 1500 ar fáil ag www.colmcille.net  

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie