Deontais dar luach €358,754 ceadaithe ag bord Fhoras na Gaeilge le linn Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge

Ag an tríú cruinniú de chuid 2019 ar an Aoine an 26 Aibreán, le linn Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge, i Rinn Ó gCuanach, cheadaigh bord Fhoras na Gaeilge deontais dar luach €358,754.

Ceadaíodh deontais do 71 champa samhraidh a bheidh á reáchtáil ar fud fad an oileáin le linn an tsamhraidh. Tabharfaidh Scéim na gCampaí Samhraidh 2019, a fógraíodh níos luaithe i mbliana, an deis do dhaoine óga idir trí bliana agus ocht mbliana déag d’aois freastal ar imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, agus scannánaíochta chomh maith le turais. Ceadaíodh deontais dar luach €148,065, uasmhéid €2,500 nó £1,750 an ceann, do 71 champa éagsúla i mbliana.

Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht mhaoinithe ar fáil gach bliain do choistí pobail chun soláthar naíscolaíochta nó naíolanna úra a bhunú tríd an scéim An Ciste Infheistíochta do Bhunú Soláthair Réamhscolaíochta agus Cúraim Leanaí. Is tríd an gciste seo a ceadaíodh deontais do Ghaelscoil Aodha Dhuibh (£73,000) i gCeathrú Aodha Dhuibh agus Cúram Leanaí na Fuiseoige (£73,000) i mBéal Feirste.

Anuas ar champaí samhraidh agus naíscoileanna, ceadaíodh luach €48,467 de dheontais do mhórimeachtaí ealaíon a bheidh á reáchtáil ar fud an oileáin le linn 2019. Ina measc, áirítear an Fhéile Náisiúnta Dhrámaíochta (€14,500), Féile an Phobail (£8,000) agus Fleadh Cheoil na hÉireann (€5,500). Mórimeachtaí iad seo a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn trí Ghaeilge nó go dátheangach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “D’fháiltíomar go mór roimh an deis cruinniú boird a reáchtáil ag Féile Bia Iarthar Phort Láirge, féile ar thacaigh Foras na Gaeilge léi i mbliana trí Scéim na bhFéilte 2019. Bhí ionadaithe ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Pleanáil Teanga na nDéise i láthair ag seisiúin éagsúla agus tá bonn láidir curtha faoin gcomhoibriú eadrainn don tréimhse amach romhainn. Maidir leis an maoiniú a ceadaíodh ag an gcruinniú, níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar dearfach ag na deontais ar úsáid na Gaeilge i measc daoine óga arís i mbliana. Tá an t-éileamh céanna ar Scéim na gCampaí Samhraidh ó bhliain go bliain ach is cúis aiféala dúinn nach bhfuil ar ár gcumas tacú le gach iarratas incháilithe ceal airgid, go háirithe toisc an tsuim agus tiomantas atá á léiriú ag grúpaí a eagraíonn na campaí.”

 

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie