Do Ghairm le Gaeilge, Eagrán 2019

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge eagrán 2019 den leabhrán Do Ghairm le Gaeilge a chur ar fáil ar líne, rud a bheidh ina acmhainn luachmhar d'oideachasóirí agus mic léinn 3ú leibhéal. Tugann an leabhrán léargas ar na deiseanna éagsúla oiliúna agus fostaíochta atá ar fáil do chéimithe a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Chomh maith le liosta cuimsitheach acmhainní agus cúrsaí, tá comhairle phraiticiúil ar fáil sa leabhrán ó PEIG.ie ar CV a leagan amach agus leideanna le post le Gaeilge a fháil.